Skip to content
Artwork for Tús Áite

Tús Áite

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Play
  • 170 episodes
  • Avg 12 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • September 4 · 7 min

    Tús Áite: Cúnamh Forbartha Thar Lear

    Tá Éire anois san ochtú áit ar domhain ó thaobh cúnamh forbartha thar lear Anuraidh méadaíodh an leathdháileadh don chlár Cúnamh Éireann €36 milliún go €807.0 milliún. Phléamar an scéal seo le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 4 min

    Tús Áite: Síocháin uaidh Putin?

    Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil seans ann teacht ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine Kyiv go raibh sé ag súil le “dinimic nua” sna hiarrachtaí síochána. Phléamar an scéal leis an gCoirnéal Seosamh Mac Donnchadha. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 5 min

    Tús Áite: Tuarascáil Aeraide Met Éireann

    Léiríonn tuarascáil ó Met Éireann go raibh an Samhradh seo mar an Samhradh is teo ar an taifead don dara Samhradh as a chéile de réir anailís sealadach ar na sonraí. Bhí sé chinn den 10 Samhradh is teo riamh ann ó 2001 i leith. Bhí An Coirnéal Seosamh Mac Donnchadha. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 5 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta polaitíochta an lae á phlé le Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 11 min

    Tús Áite: Cuairt Trump

    Ta uachtarán Mheiriceá Donald Trump le cuairt ar Éirinn an tseachtain seo chugainn agus go bhfuil an cuma ar an scéal go mbeidh cruinniú aige leis an Uachtarán Catherine Connolly mar chuid den chuairt sin. Phléamar an scéal le na Úna Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 8 min

    Tús Áite: Mórshiúil na Fir Bhuí, Bóthar Gharbh Eachaidh.

    D'fhógair an tOrd Oráisteach pleananna do pharáid "theoranta" mar a thug siad air i nDroim Crí, ceann de na bealaí paráide is conspóidí i dTuaisceart Éireann. Bhí an scéal seo a phlé le Ciarán Ó Pronntaigh, iriseoir agus craoltóir. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 4 min

    Tús Áite: Síocháin uaidh Putin?

    Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil seans ann teacht ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus dúirt Aire Gnóthaí EAchtracha na hÚcráine Kyiv go raibh sé ag súil le “dinimic nua” sna hiarrachtaí síochána. Phléamar an scéal le See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 6 min

    Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

    Na scéalta nuachta ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Concubhar Ó Liatháin, Iriseoir ilmheáin le TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 9 min

    Tús Áite: Mír na Meán

    Na scéalta atá go mór i mbéal an phobail, á chur i láthair ag Síle Ní Choinceannain, Ollamh Cúnta sa Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 10 min

    Tús Áite: Stiúrthóir nua Cheathrú Ghaeilge BÁC.

    Tá an ceoltóir agus an gníomhaí pobal agus Gaeilge Maitiú Ó Casaide ceaptha mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath. Tá an Cheathrú Ghaeilge beartaithe do cheantar thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Labhair muid leis faoin ról nua seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 5 min

    Tús Áite: Athrú Aeráide agus Feirmeoireacht.

    Duirt Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe go sárófar ardú 1.5°C ar theocht dhomhanda agus go bhfuil an dúshlán anois “athraithe ón sárú sin a sheachaint go bainistiú a dhéanamh air. Tá cur síos déanta ag na Náisiúin Aontaithe, i measúnú den chéad chineál dá leithéid, ar an gcaoi a bhféadfadh an domhan an méadú ar theocht dhomhanda a thabhairt ar ais go 1.5°C tar éis an spriochloch sin a bheith sáraithe. Phléamar an scéal le Aedraen Ó Dubhghaill, feirmeoir i bPortlaoise. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 5 min

    Tús Áite: Rialacha nua e-scútair.

    Ón Aoine seo amach, beidh sé éigeantach do dhaoine atá ag úsáid e-scútar clogad agus éadaí so-fheicthe a chaitheamh. Ní thiocfaidh an méadú atá beartaithe ar an íosteorainn aoise ó 16 go 18 mbliana d’aois i bhfeidhm go dtí níos déanaí sa bhliain. Bhí éin Ó Muíneacháin, urlabharaí iompair Fhianna Fáil, inár dteannta chun an scéal a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 7 min

    Tús Áite: Ionsaí na nDrón i Leipzig

    Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tar éis fios a chur ar ambasadóir na Rúise freastal ar chruinniú chun míniú a thabhairt ar thuairiscí faoi bhainta bheith ag an Rúis le hionsaí dróin ag aerfort Leipzig. Tá an tAontas Eorpach le gearán a dhéanamh leis an taidhleoir is sinsearaí de chuid na Rúise sa Bhruiséil mar gheall ar an eachtra. Labhair muid le Seán Ó Ceallaigh, Feisire Eorpach d’Éire Theas Fine Gael. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 6 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 1 · 6 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 1 · 6 min

    Tús Áite: Vóta Fórsa

    Vótáil baill Fórsa ar son mandáit a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch mar chuid dá aighneas pá leis an rialtas. D’fhógair an ceardchumann san iarnóin inniu gur vótáil 96.6 % ar son an mholadh. Phléamar cúrsaí le Paul McSweeney, Leas Ard Rúnaí Fórsa. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 1 · 9 min

    Tús Áite: Tithe Tábhairne na hÉireann i mbaol.

    Tá teach tabhairne amháin as gach ceithre chinn imithe as gnó ó 2005 i leith de réir tuarascáil nua. An t-eacnamaí Anthony Fley a d’ullmhaigh an tuarascáil thar ceann Ghrúpa Thionscal na nDeochanna in Éirinn. Bhí an scéal seo á phlé againn Eoin Ó Catháin, Stiúrthóir le Cumann Fuisce na hÉireann. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 31 · 1 hr

    Tús Áite - 31 Lúnasa 2026

    Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil.Inniu ar an gclár bhí: Aindrias Ó Cathasaigh (Staraí agus údar); Mairéad Ní Nuadháin (Colúnaí le Tuairisc.ie agus iar-Cheannasaí ar Chaidreamh Seachtrach le RTÉ); Mary Hanafin (Abhcóide agus Iar-Aire Rialtais le Fianna Fáil); Liam Mac Amhlaigh (Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad); See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 31 · 16 min

    Tús Áite: Éire Aontaithe, agus NATO in Éirinn.

    Tá tráchtairí áirithe ag rá le déanaí go bhfuil suim stratéiseach na Breatine arís in Éirinn mar thoradh ar an teannas nua idir an Eoraip agus an Rúis, agus go bhféadfadh go mbeadh an Bhreatain ag iarraidh Tuaisceart na hEireann a choiméad ar mhaith le cúrsaí slándala san Atltantach, agus mar nach féidir braith ar Phoblacht na hEireann mar phairtnéir slándala. Roinn an Painéal á gcuid smaointe ar an scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 31 · 15 min

    Tús Áite: Scéim infheistíochta Rialtais

    D'fhógair an Rialtas sonraí faoi scéim nua chun spreagadh a thabhairt don phobal infheistiú a dhéanamh. Beidh cuntais infheistíochta faoin scéim ar fáil don phobal go luath an bhliain seo chugainn. Phléamar an scéal leis an bPainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Showing 121–140 of 170 episodes