Skip to content
Artwork for Tús Áite

Tús Áite

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Play
  • 177 episodes
  • Avg 12 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • September 14 · 12 min

    Painéal an Luain: Deireadh le taraifí ar Uisce Beatha

    Bhua bua mór ag Shane Lowry agus ag rialtas na hÉireann araon ar an ngalfchúrsa sa Dún Beag inné. Agus Lowry ag glacadh lena chíorann mar bhuaiteoir comórtas oscailte gailf na hÉireann d’fhógair Donald Trump go mbainfeadh sé taraifí ó uisce beatha na hÉireann. Phléamar an scéal leis an bpainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 11 · 8 min

    Tús Áite: 9/11 á chomóradh

    Tá 25 bliain imithe ó ionsaithe 9/11, agus tá an lá tragóideach sin á chomóradh i Nua-Eabhrac inniu. Phléamar an scéal le duine a bhí ar an talamh ag an am, Is é sin Niall Ó Dowd, Foilsitheoir, iriseoir agus údar. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 11 · 24 min

    Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

    Scéalta móra na seachtaine seo á phle againn le Emmet Ryan, Saor-iriseoir , agus Seán Ó Riain, Iar-thaidhleoir lonnaithe sa Fhrainc. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 11 · 8 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta móra polaitíochta á chur i láthair ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 10 · 1 hr

    Tús Áite - 10 Meán Fómhair 2026

    Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Aonghus Ó Lochlainn. Inár dteannta inniu bhí: Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Eoin Dillon (píobaire); Seán Federico Ó Murchú (Eagarthóir Nuachta); Barry Ward (Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh); Leila Adelaide. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 10 · 10 min

    Tús Áite: 'Think in' Fhine Gael

    Tá Seisiún Smaointeoireachta Fhine Gael ar siúil inniu i nGuaire, co. Loch Garman faoi láthair, Phléamar an scéal le Barry Ward, Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 10 · 6 min

    Tús Áite: Paddy Keenan

    Tá an píobaire clúiteach Paddy Keenan ar shlí na fírinne agus é seachtó sé bliain d’aois, Phléamar an fear féin, agus an tionchar a bhí aige ar saol an ceoil le Eoin Dillon, píobaire. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 10 · 9 min

    Tús Áite: Trump ag ceannach vótaí?

    $5,000 atá geallta ag Donald Trump do gach uile Meiriceánach thar 18 má éiríonn leis na Poblachtánaigh smacht a fháil ar ais ar Theach na Comhdhála i dtoghcháin meán-téarma Mheiriceá i mí na Samhna. Bhí Seán Federico Ó Murchú, Eagarthóir Nuachta, inár dteannta chun an scéal a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 9 · 7 min

    Tús Áite: Mír na Meán

    Na cláireacha spéisiúla atá sna meáin fé láthair, á phlé againn le Norita Ní Chartúir. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 9 · 9 min

    Tús Áite: Intleacht Shaorga

    D'éirigh taighdeoir as Anthropic, ceann de na príomhchuideachtaí hintleachta saorga ar domhan, mar gheall ar imní go bhféadfadh an teicneolaíocht "muid uile a mharú faoi dheireadh na ndeich mbliana seo". Bhí Pádraig de Búrca, Iriseoir leis An Páipéar, inár dteannta chun an scéal a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 9 · 5 min

    Tús Áite: Feirmeoirí agus Athrú Aeráide

    Beidh ar fheirmeoirí na hÉireann ullmhú d’aimsir a bheidh ag luascadh go géar idir báisteach iomarcach, triomach agus teas - sin dar leis an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAC). Phléamar an scéal seo le Alice Doyle, Leas Uachtarán Cumann na bhFeirmeoirí. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 9 · 21 min

    Tús Áite: Coinspóid sa CLG

    Inné d’éirigh an tiar Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa as mar chathaoirleach an choiste a bhí ag déanamh maoirseoireacht ar an gcomhnascadh idir CLG, Cumann Pheil na mBan agus an Cumann Camógaíochta. Bhí tuairimí na n-imeroirí á chloisteáil againn, anuas ar phlé le Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 9 · 7 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta móra polaitíochta na lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí polaitíochta Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 8 · 59 min

    Tús Áite - 8 Meán Fómhair 2026

    Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil. Inár dteannta ar an gclár inniu bhí: Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir, Cearta Digiteacha Éireann); Peadar De Blúit (Tráchtaire); Aonghus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe). See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 8 · 9 min

    Tús Áite: Fiosrúchán Chomisiún na Meán.

    D’fhógair Coimisiún na Meán fiosrúchan ar an meán shóisialta X um thráthnóna maidir le himní go bhfuil ag teip air dearbhú aoise agus smacht tuismitheora a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Seo é an chéad fhiosrúchán de chuid Choimisiún na Meán faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne. Phléamar an scéal le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir, Cearta Digiteacha Éireann. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 8 · 8 min

    Tús Áite: Oscailt Gaelcholáiste Synge

    Oscailíodh doirse Ghaelcholáiste Synge i gcathair Bhaile Átha Cliath den chéad uair an tseachtain seo chaite, agus tús curtha le ré úr i stair an Ghaeloideachais in iarthar na cathrach. Chuaigh ár dtuairisceoir Jack Basquille ann chun an scéal fhiosrú, agus labhair sé le Medb Ní Fheaghail, Príomhoide Tánaisteach na scoile. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 8 · 17 min

    Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

    Na scéalta móra idirnáisiúnta á phlé ar an gclár le Peadar De Blúit, Tráchtaire, agus Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 8 · 7 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta polaitíochta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Showing 101–120 of 177 episodes