Skip to content
Artwork for Seachtain

Seachtain

Irish Independent

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

Play
  • 23 episodes
  • weekly
  • Avg 23 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • April 15 · 22 min

    Agóidí agus achrann: Seachtain chorraitheach sa pholaitíocht

    Ba é seachtain thar a bheith neamhghnách í i gcúrsaí polaitíochta, gan dabht. ­ Le praghsanna breosla ag ardú go géar, shocraítear léirsithe ar fud na tíre an tseachtain seo caite. ­ Chuaigh na mílte i mbun agoide agus dúnadh bóithre, cuireadh bacainn ar scaglanna ola na tíre agus is ar éigean a bhí an tír ar tí stoptha ar fad. ­ Faoi dheireadh, aontaíodh pacáiste ar luach breis agus €700 milliún le dul i ngleic le hardú na bhpraghasanna breosla. ­ Mar sin féin, cáineadh an rialtas go géar faoin chaoi gur láimhséil siad an ghéarchéim agus cuireadh rún muiníne sa Rialtais faoi bhráid na Dála dá bharr. ­ Baineadh siar as daoine freisin nuair a d’éirigh Michael Healy-Rae as a phost mar Aire Stáit go tobann, mar léiriú ar a mhíshástacht leis an Rialtas. ­ Ach tá go leor ceisteanna fós le freagairt. ­ An bhfuil sé d’acmhainn ag an tír €700 milliún a chur ar fáil don earnáil seo? ­ Agus leis an Rialtas ag feidhmiú ar thromlach an-chaol, cén tionchar a bheas ag imeacht na Healy Rae’s ón chomhrialtas? ­ Ar Seachtain, labhraíonn an comhfhreagraí polaitíochta, John Downing le Tessa Fleming. ­ FOCLÓIR: ­ Breosla: Fuel ­ Rún: Motion ­ Aighneas: Disagreement ­ Agóideoirí: Protestors ­ Mustar: Pomp ­ Tromchúiseach: Consequential ­ Meath: Decline ­ Clis eacnamúil: Economic crash or breakdown ­ Faoiseamh cánach: Tax relief ­ Fuinneamh: Energy ­ Ag géilleadh: Conceding to ­ Ag teacht salach ar a chéile: At odds with each other ­ Bruscar: Litter/rubbish ­ Iniúchadh: Inspection or examination ­ Ag fulaingt: Suffering ­ Claonta: Biased ­ Féinfhostaithe: Self-employed ­ Cáineadh: Criticism ­ ­ ­ ­ See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • April 9 · 24 min

    Dúnmharú Denis Donaldson: 20 bliain gan freagraí ach cor úr sa chás

    Dúnmharaíodh Denis Donaldson, iarbhall den IRA, 20 bliain ó shin i 2006. Duine sinsearach a bhí ann i Sinn Féin ag tráth a raibh an páirtí ag dul ó neart go neart mar fhórsa polaitiúil sa Tuaisceart. Creidtear gur cara dílis de chuid Gerry Adams agus Martin McGuinness a bhí ann agus i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta tugadh post riaracháin dó i gCnoc an Anfa. Ach, sa bhliain 2005, tháinig sé chun solais go raibh Denis Donaldson ag feidhmiú mar spiaire ar son M15 le blianta fada. Theith sé go ceantar iargúlta i nDún na nGall, áit ar chuir sé faoi i dteach beag gan uisce reatha ná leictreachas. Is ann a thángthas ar a chorp roinnt míonna ina dhiaidh sin, agus é scaoilte faoi dhó. Tá go leor ceisteanna fós gan freagraí i dtaca le bás Dennis Donaldson, ceisteanna a ghoilleann ar a chlann go dtí an lá inniu. Agus le fear Gaeltachta cúisithe le déanaí i leith an dúnmharú - an bhfaighimid amach cé a thug an t-ordú chun é a mharú? Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin scéala is déanaí sa chás. Foclóir: Spiaire: Spy Uisce reatha: Running water Pleascáin: Explosives Ball: Member Riarachán: Administration Ruathar: Raid Ag spré: Spreading Ag feidhmiú: Operating Nocht: Reveal Iarghúlta: Remote Ar an toirt: On the spot Freagracht: Responsibility Tras-teorainn: Cross border Corruair: Occasionally Ag goilliúint orthu: Weighing heavily on them Ceart agus cóir: Right and justice Brathadóir: Informer Ag dul i méadaíocht: Growing up Eiseachadadh: Extradited See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • April 1 · 26 min

    ‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh

    I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo. I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath. Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin orthu gur Gardaí a ba iad. Is ansin a choinnigh siad bean, fear agus triúr páiste dá gcuid faoi bhéal gunna. Dhá uair a chloig níos déanaí, bhí traen poist ar an bhealach ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, nuair a phléasc an geaing an iarnród taobh thiar den teach feirme agus tháinig an traen chun stopadh. Choinnigh siad an tiománaí agus an criú traein faoi bhagairt. Chuaigh siad ar bord agus ghoid dhá chéad míle punt, tuairim ar milliún euro sa lá atá inniu ann. An rud a tharla ina dhiaidh sin áfach, ba chúis náire agus conspóide é don Stáit. Cúisíodh triúr fear as robáil nach raibh aon páirt acu ann agus maireann na hiarmhairtí go fóill d’Osgur Breathnach,do Nicky Kelly agus do Brian McNally. Ar Seachtain amharcann Íte Ní Chionnaith, iar-léachtóir iriseoireachta agus iar-bhall den IRSP, siar ar an chonspóid lena dearcadh féin a thabhairt ar an robáil agus ar an mhéid a thit amach ina dhiaidh. Foclóir: Faoi bhéal gunna: At gunpoint Ráiteas: Statement Pleascáin: Explosives Iomrall ceartais: Miscarriage of justice Gabh: Arrest Baill: Members Droch-íde: abuse or ill treatment Bagairt: Threat Seán: Deny Cuireadh iachall orthu: They were forced to Fianaise: Evidence An Chúirt Choiriúil Speisialta: The Special Criminal Court Éadóchasach: Hopeless In ainneoin: Despite Ciontach: Guilty D’éalaigh sé: He escaped Achomharc: Legal appeal Ciontú: Conviction Cuir ar neamhní: To quash Cúiseanna daonna: Humanitarian grounds See omnystudio.com/listener for privacy information.

Showing 21–23 of 23 episodes