Skip to content
Artwork for Seachtain

Seachtain

Irish Independent

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

Play
  • 23 episodes
  • weekly
  • Avg 23 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • Thursday · 24 min

    A tale of revival and controversy: Tús na gcoláistí samhraidh

    Tá deireadh ag teacht leis an samhradh agus tá daltaí fud fad na tíre ag filleadh ar an scoil. Chaith thart ar tríocha míle acu seal sa Ghaeltacht ag na coláistí samhraidh le seachtainí beaga anuas, ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge. Is nós bliantiúil é do go leor daoine óga, agus b’fhéidir nach smaoiníonn siad mórán faoi. Ach cé chomh fada is a dtéann traidisiún na gcoláistí samhraidh siar? Cén fáth ar cuireadh tús leo sa chéad dul síos? Agus cén fáth gur tharraing siad an oiread sin trioblóide orthu féin le linn bhlianta órga athbheochan na Gaeilge? Ar Seachtain labhraíonn an Dr Máire McCafferty faoi tús na gcoláistí samhraidh. Foclóir: Ceardchumann: Trade Union Oilte: Skilled Daideo: Grandfather Tóir: Demand Ballraíocht: Membership Uirbeach: Urban Laidin: Latin Athbheochan:Revival Uasaicme, íosaicme: Upper class, lower class Siamsa: Entertainment Tréimhse an-chorrach: Turbulent time Ag tabhairt fogha faoi: To attack I gCeann Chlochair: In Clogherhead Ag déanamh athris ar: Imitating Éigeantach: Mandatory Laochra: Heroes Dódh Coláiste Uladh: Coláiste Uladh was burnt Go sonrach: Particularly Críochdheighilt: Partition Maoiniú: Funding Dlús a chur faoi: To accelerate or speed up See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 19 · 20 min

    Stair Bhéal Feirste: ‘Stair a mhúnlaigh mo mhuintir’ - Séamus Ó Tuama

    Tar éis bás a athar, gheall Séamus Ó Tuama go gcríochnódh sé féin an leabhar a bhí tosaithe ag a dhaid, Diarmuid. Leabhar ar stair Bhéal Feirste atá ann ó pheirspictíocht phoblachtánach, le scéal muintir Uí Thuama féin agus an t-eispéireas a bhí acu féin fite fuaite le stair chorraitheach na cathrach féin. Leanann an leabhar turas na clainne, ó fhear óg Corcaíoch a bhog ó thuaidh i ndiaidh an Ghorta Mhóir, tríd na pogroms le linn na 1920ídí, agus na Trioblóidí a lean, go dtí Séamus agus a hathair Diarmuid agus an ról a bhí acu i réabhlóid na Gaeilge sa chathair. Bhí an-aithne ag Gaeil Bhéal Feirste ar mhuintir Uí Thuama, go háirithe mar gheall ar obair Dhiarmuid mar phríomhoide Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad scoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar Seachtain, labhraíonn Séamus Ó Tuama faoina leabhar úr ‘Béal Feirste: Belfast’ agus faoin saol sa chathair a mhúnlaigh a mhuintir. Cé gur scéal é atá lán de choimhlint agus de thráma thar na glúnta, feiceann Séamus toradh dearfach sa lá atá inniu ann i bhfoirm na hathbheochana cultúrtha agus teanga atá ag bláthú i mBéal Feirste. Foclóir: Dornán de pháistí: A handful of children Obair dheonach: Voluntary work Tiomsú airgid: Fundraising Cinnteacht: Certainty D’fhág sé a lorg: He left his mark Leac uaighe: Gravestone Borb: Abrupt Fréamhaithe: Rooted Do shinsir: Your ancestors Cartlann mhíleata: Military archives Críochdheighilt: Partition A shin-seanathair: His great-grandfather Ceannaire: Leader Dearfach: Positive Saorstát: Free state Scoilt: Divide Creatlach: Framework Bearna: A gap *Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD’ isteach.* See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 13 · 21 min

    Live at the Fleadh: The Conamara duo i gcroílar na reabhlóide trad

    Tá Seachtain ag teacht beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026! Ar feadh seachtaine tháinig na sluaite go Béal Feirste chun sult a bhaint as an cheol, na comórtais agus as an chathair féin. Den chéad uair riamh, bhí Fleadh Cheoil na hÉireann á reáchtáil i bpríomhchathair an Tuaiscirt agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag céiliúradh 75 bliain ar an fhód. Chuir Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as an Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara gach duine faoi gheasa lena gcuid ceoil thraidisiúnta le linn na Fleidhe. Bhí siad báite sa cheol ó bhí siad sa chliabhán agus anois tá siad ag tabhairt an cheoil sin ar fud an domhain. Bhí Séamus agus Caoimhe i gcuideachta Áine Ní Bhreisleáin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 5 · 31 min

    Live at the Fleadh: The ancient art of lilting

    Tá Seachtain beo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2026! Is é seo an chéad uair don Fleadh teacht go Béal Feirste, áit ina mbeidh breis agus 800,000 cuairteoir ag freastal ar an bhféile! Le linn na seachtaine seo, tiocfaidh anam isteach sa chathair le taibhithe sráide, seisiúin ceoil, seónna stáitse, céilithe, agus comórtais. Ach le 75 bliain á chéiliúradh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, amharcann muid siar ar an meath a bhí tagtha ar an gceol traidisiúnta sular bunaíodh an eagraíocht. Agus fiosraíonn muid cad chuige a bhfuil daoine ar fud fad na cruinne chomh tógtha le ceol traidisiúnta na hÉireann? Beirt cheoltóir atá fite fuaite go dlúth le ceiliúradh na seachtaine seo ná an fidléir iomráiteach Dónal O’Connor agus an t-amhránaí agus portaire béil cumasach Róise Ní Mhurchú. Bhí an beirt i gcomhluadar Áine Ní Bhreisleáin ag an bhFleadh. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • July 30 · 21 min

    The ‘rite of passage’ for beagnach 30 míle déagóirí

    Ag an am seo bliana, téann na sluaite déagóirí ar a n-oilithreacht teanga bhliantúil chun na Gaeltachta. Ó Thír Chonaill go Gaillimh, ó Mhaigh Eo go Ciarraí, bíonn na coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ag mealladh daoine óga ó gach cearn d'Éirinn. Sa bhliain seo chuaigh thart, d'fhreastail beagnach 30 míle dálta ar na cúrsaí seo, ach níor éirigh leis na mílte áit a fháil faraor. Do chuid mhór déagóirí, is í seo an chéad uair dóibh tréimhse a chaitheamh as baile agus a bheith tumtha go hiomlán i saol agus i gcultúr na Gaeilge. Agus taobh thiar den éispéiris Ghaeltachta, tá an bhean tí, na mná atá ina gcroílár d'eispéireas na gcoláistí samhraidh. Ach an bhféadfá féin seisear scoláire déag a thabhairt isteach i do theach féin, faoi do chúram féin ar feadh coicíse nó níos mó? Ar Seachtain labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoi na coláistí samhraidh agus faoi na mná tí atá ina gcnámh droma acu. Maoinithe ag an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil. Foclóir: Éispéireas: Experience Tóir: Demand Liostaí feithimh: Waiting lists Corruair: sometimes Clár siamsaíochta: Entertainment programme Ildánach: Versatile Cláraithe: Registered An t-uasmhéid: The maximum Bhí an t-eallach le blí agat: You had to milk the cattle Riachtanais bia: Dietary requirements Slabhra: Chain Nasc: Link Cuimhní: Memories Cloch mhíle: Milestone Ag freastal: Attending Srianta: Constrained Ó ghlúin go glúin: From generation to generation Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • July 27 · 17 min

    Beirt ‘Ghaeilgeoirí' cúisithe i leith buama a iompar trasna na teorann

    Tá bean agus fear cúisithe as pléascáin a bheith ina seilbh acu go mídhleathach. An tseachtain seo caite, stop Gardaí carr ar an N2 i gContae Mhuineacháin agus iad ag fiosrú gníomhaíochtaí easaontóirí poblachtánacha. Fuarthas an buama, a bhí réidh le húsáid, agus a bhí á iompar trasna na teorann, ar shuíochán cúil an chairr. Dúnadh an bóthar ar feadh tamaill agus bhain foireann diúscartha buamaí an dochar as an ngléas. Cúisíodh bean sna fichidí as Cill Dara, a bhí ag tiomáint an chairr, agus cúisíodh fear eile sna daichidí i ndáil leis an eachtra. Ar Seachtain, insíonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar faoin méid atá ar eolas againn faoin scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • July 23 · 21 min

    ‘Ghabh arm Iosrael é’: The Gaelgeoir detained in an Israeli cell

    Níos luaithe i mbliana, bhí súile an domhain ar an Global Sumud Flotilla agus iad ag iarraidh an t-imshuí ar chósta Gaza a shárú. Ach níorbh é sin an t-aon iarracht a bhí déanta thar na blianta chun nascanna a chruthú agus le cúnamh a thabhairt isteach i gcríocha na Palaistíne. Tá Gaza agus an Bruach Thiar faoi smacht Iosrael le blianta fada anuas – agus is ábhar é a mhúsclaíonn mothúcháin láidre i measc go leor Éireannaigh. Breis is fiche bliain ó shin, thaistil an scríbhneoir Feirsteach Seán Ó Muireagáin go dtí an Phalaistín chun nascanna a fhorbairt idir páistí scoile sa Tuaisceart agus sa Bhruach Thiar. Ach, cosúil le muintir an Global Sumud, ghabh fórsaí Iosrael Seán agus coinníodh i gcillín é ar feadh cúig lá – cé nach raibh aon choir déanta aige. Líomhnaítear gur ghabhadh Seán mar gheall gur bhall den IRA é agus go raibh sé i mbun Palaistínigh a threanáil conas buamaí a dheanamh - rud nach raibh fíor in aon chor. Ar Seachtain labhair Seán Ó Muireagáin faoin eispéireas phearsanta a bhí aige féin. Foclóir: Imshuí: Blockade Críocha: Territories An Bhruach Thiar: The West Bank Coir: Crime Báúil: Sympathetic Aitheanta: Recognised Pobal sceimhlitheoireachta: Terrorist community Céasadh: Torment Cillín: Cell Dallóg: Blindfold Seafóid: Nonsense Cacamas: Bullshit Is cuma sa tsoic: Couldn’t care less Líomhaintí: Allegations Amhras: Doubt Cinedhíothú: Genocide Ag bárcadh allais: Sweating profusely Cairdeas domhain: Deep friendship Féidearthacht: Possibility Mhaoinigh: Funded Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • July 16 · 22 min

    Reviving our Gaeltacht's vacant homes: Ó Thír Chonaill go dtí An Rinn

    Tá a fhios ag madraí na sráide faoin bhfadhb atá sa tír seo maidir le heaspa tithíochta. ­ Ó Ghaoth Dobhair, go Carna, go Corca Dhuibhne, tá dúshláin mhóra roimh theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gceantair Ghaeltachta. ­ Beagnach bliain ó shin, fostaíodh duine chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí: Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht. ­ Agus an sprioc? Tithe folmha sna Gaeltachtaí a chur ar ais in úsáid. ­ Ach an bhfuil an éirigh leis an iarracht? ­ Agus cé chomh tábhacht is atá na deontais athchóirithe do na tithe fomha seo? ­ Ar Seachtain thug Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht, uasdátú ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé sa phost. ­ Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism ­ Foclóir: ­ Deontas: Grant ­ Athchóiriú: Renovation ­ Tithe folmha: Vacant houses ­ Tréigthe: Abandoned ­ Díon: Roof ­ Bothán: An old rudimentary house ­ A mheas: To assess ­ Fostaíocht: Employment ­ Na scéaltaí rathúla: Success stories ­ Íochta amach: Paid out ­ Ag baint leas as: Benefitting from ­ Coinníoll: Condition ­ Daoine aonair: Individuals ­ Togra: Project ­ Dírithe: Directed at ­ Maoiniú: Funding ­ Cíos: Rent ­ Meascán: Mixture ­ Chun tosaigh: Ahead ­ Rannpháirtíocht: Participation ­ Uacht: Will ­ Cáin: Tax See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • July 9 · 23 min

    Gaeilge vs An Bhreatnais: Lessons from the Welsh language revival

    Ba scéal mór é sa Bhreatain Bheag nuair a chuir Plaid Cymru deireadh le forlámhas Páirtí an Luchta Oibre i mí na Bealtaine - páirtí a bhí i gcumhacht sa tír le breis agus 100 bliain. ­ ­ Is páirtí polaitíochta é Plaid Cymru ina bhfuil dlúthcheangal aige le cur chun cinn na teanga Bhreatnaise agus tá an teanga ar a dtoil ag formhór na n-airí rialtais, ar a laghad. ­ ­ Is éacht suntasach é do thír inár tháinig meath dhamnaithe ar an teanga leis na cianta. ­ ­ Anois, áfach, amharctar ar an mBreatain Bheag mar eiseamláir - mar chinéal blueprint faoi conas teanga – a bhí i mbaol - a athbheochan arís. ­ ­ Ba é scéal athbheochan na Breatnaise, scéal faoi feachtasaíocht, faoi toil pholaitiúil, agus faoi dúthracht na ndaoine chun todhchaí an teanga a athrú. ­ ­ Ach cé chomh fíor is atá rath na hathbheochana sa Bhreatain Bheag? ­ An glas iad na cnoic i bhfad uainn? ­ Nó an bhfuil ceachtanna le foghlaim againne ón Bhreatain Bheag i leith cur chun cinn na Gaeilge? ­ Ar Seachtain déanann an Dr Ben Ó Ceallaigh, leachtóir in ollscoil Aberystwyth, iniúchadh ar na ceachtanna atá le foghlaim ón Bhreatain Bheag. ­ ­ Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism ­ ­ ­ Foclóir: ­ Eiseamláir: Role model ­ Breatnais: Welsh ­ Athbheochan: Revival ­ Meath: Decline ­ Forlámhas: Supremacy ­ Rath: Success ­ Cos ar bolg: Oppress ­ Monarcháin: Factories ­ Ní sin an chloch is mó ar a phaidrín: It's not his biggest concern ­ Aire rialtais: Cabinet minister ­ Ag mianadóireacht: Mining ­ Nach maireann: The late or deceased ­ Coilíniú: Colonisation ­ Céatadán: Percentage ­ Folláin: Healthy ­ Ceacht: Lesson ­ Cíos: Rent ­ Bagairt: Threat ­ Cáin: Tax ­ Is fiúntaí: Most worthwhile ­ Uaillmhianach: Ambitious ­ Slat tomhais: Measuring stick ­ Mian: Desire ­ See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • July 2 · 24 min

    Máthair óg Ghaeltachta ar iarraidh: Breis is 40 bliana gan fhreagaí

    Breis is daichead bliain ó shín, d’imigh Barbara Bhreathnach, máthair óg de sheachtar, ar iarraidh gan tasc gan tuairisc i gCarna i gcroílár na Gaeltachta. Oíche amháin i mí an Mheitheamh 1985, bhí muintir Bhreathnach ag cóisireacht sa teach tábhairne áitiúil, agus gaolta ar cuairt acu ó thar lear. D’fhill siad go teach cónaithe muintir Bhreathnach agus lean an chóisir ar aghaidh go dtí na huaireanta beaga an mhaidin sin. Chonacthas Barbara don uair dheireanach agus í ina codladh ar an tolg ag 4am. Ní fhaca a teaghlach í ón lá sin ná ní raibh aon teagmháil léi ó shin. Cad é go díreach a tharla an oíche chinniúnach sin? Cén fáth nár tarraingíodh mórán airde ar an chás? Agus an bhfuil daoine ann go fóill ag coinneáil na fírinne faoi cheilt? Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar an chás a tharla 41 bliain ó shin agus atá go fóill gan fhreagraí. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Ar iarraidh: Missing Sna deaga: In the teenage years Tábhairne: Pub Scaifte: Group Is cosúil: It seems Pas: Passport Módh taistil: Means of transport Tuairimíocht: Speculation In ísle brí: Depressed Fiosrúchán: Investigation Easpa: A lack of Tochaltóir: Digger Colscaradh: Divorce Ráflaí: Rumours Rún: Secret See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • June 25 · 20 min

    Wexford: Cén saghas Gaeilge a labhraíodh i nGaeltacht Loch Garman?

    Níl aon taifead ann de Ghaeilge Loch Garman. Mar sin de, an bhfuil sí caillte ar fad nó an bhfuil fianaise ar bith ann faoin chineál Gaeilge a bhíodh ann? Agus cad iad na teangacha eile a bhí á labhairt sa chontae in éineacht leis an nGaeilge? Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneacha, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • June 18 · 22 min

    Gaeltacht Loch Garman: When was Irish spoken in Wexford?

    Is dúiche Éireannach a chaith beagnach trí chéad bliana faoi thionchar na Lochlannach é Loch Garman. Sa bhliain 1170 tháinig na hAngla-Normannaigh chuig an chontae agus d’fhág lorg ann a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – an Béarla, cuir i gcás. Ní nach ionadh, glactar leis go minic, sa stairseanchas, agus sa stair scríofa ag an lucht léinn gur contae gallda amach is amach a bhí ann ó shin. Contae is ea é nach samhlaítear le Gaeltacht nó leis an nGaeilge. Léiríonn taighde gurbh ann do na Gaeil agus a dteanga sa chontae i gcónaí áfach. Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneach, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman. Sa chéad eagrán eile den phodchraoladh seo, gheobhaidh muid amach faoi cén chineál Gaeilge a bhíodh á labhairt, i nGaeltacht Loch Garman. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • June 11 · 25 min

    ‘No Irish need apply’: Scéal na nÉireannach i Sasana

    Ó Learphoill go cathair Londain - is fada scéal an imirce go Sasana. Leis an glúnta, chuir easpa deiseanna sa tír seo iachall ar dhaoine imeacht, agus ba í an Bhreatain an chéad stad do cuid mhaith acu agus iad ag cuartú saol níos fearr dóibh féin. Le linn an chéad seo caite, bhí na hÉireannaigh ag croílár tionscadail tógála sa Bhreatain, ach taobh leis an obair sin, bhí leithcheal, imeallú agus droch-chlú a lean iad ar feadh i bhfad. Mar sin, cén tionchar a bhí ag an imeallú seo ar na pobail Éireannacha ar fud na Breataine? Agus cén chuma a bhí ar an saol i ndáiríre dóibh siúd a rinne an turas trasna Mhuir Éireann? Tá taispeantas nua san Epic Museum i mBaile Átha Cliath a dhéanann iniúchadh ar na ceisteanna seo agus ar scéal na n-imirceach i Sasana. Chun an stair seo a fhiosrú, labhair Seachtain leis an staraí eacnamaíochta Cormac Ó Gráda - duine acu siúd atá taobh thiar den taighde don taispeantas seo - le súil siar a chaitheamh ar shaol na nÉireannach i Sasana. Foclóir: An Réabhlóid Thionsclaíoch: Industrial revolution Táille: Fee An chosmhuintir: The common people Spáilpíní: Nomadic farmworkers Díspeag: Belittle Coitianta: Common Éirimiúil: Intelligent Ag toraíocht: Searching Achrann: Dispute Sloinnte: Surnames Meán: Average Maoiniú: Financing Eachtrannaigh: Foreigners Bhí fonn orthu: They were keen to Todhchaí: Future Ag maolú: Petering out Naimhdeas: Animosity Sofheicthe: Visible Léirsithe: Demonstrations Inimirce: Immigration Ganntanas oibrithe: A lack of workers See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • June 4 · 22 min

    Géarchéim bhreosla níos measa sa Ghaeltacht?

    Os cionn mí ó shin, tharraing léirsithe maidir le costas breosla aird ar an mbrú atá ar phobail tuaithe. Dúnadh bóithre timpeall na tíre agus lucht na hagóide ag lorg tacaíochta ón rialtas chun dul i ngleic leis an ardú costais. In ainneoin gur chuir an rialtas beartais cúnaimh ar fáil, tá imní ar phobail tuaithe nach bhfuil deireadh na géarchéime seo ann go fóill. Mar sin de, an bhfuil a dhath ar bith réitithe i ndáiríre? Agus an bhfuil an ghéarchéim bhreosla níos measa fós sa Ghaeltacht? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoí: Áine Ní Bhreisleáin Foclóir: Léirsithe: Demonstrations Breosla: Fuel Iniúchadh: To examine Iompar: Transport An Meánoirthear: The Middle East Ag teacht i dtír: To land or arrive by sea Faoiseamh: Relief Réiteach: Solution Beart: Package Scuainí: Queues Conraitheoir talmhaíochta: Agricultural contractor Díomhaoin: Idle Earraí: Goods Imníoch: Concerned/anxious Rogha: Choice Fiontraí: Entrepreneur Éiginnteacht: Uncertainty Costas reachtála: Running cost Achmhainní nádúrtha: Natural resources Móin: Turf Leochaileach: Vulnerable See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • May 28 · 24 min

    Dáithí Ó Sé: ‘A Blasket Island boatman was the best job I ever had!’

    Is cloch mhíle mhór í caoga bliain d’aois - fágann duine slán le ré amháin, agus cuireann sé tús le ré nua. ­ Ach ní hionann “caoga” an lae inniu agus an chiall a ba leis do na glúnta eile a tháinig romhainn. ­ Agus is fíor é sin, go háirithe i gcás Dháithí Uí Shé, agus a bhreithlá mór féin ag teannadh leis. ­ Le beagnach Tríocha bliain caite aige ar an scáileán teilifíse, is beag duine in Éirinn nach bhfuil aithne súl acu ar Dháithí. ­ Cad é mar a mhothaíonn sé i ndáiríre faoin chloch mhíle mhór seo? ­ Agus cad iad na ceachtanna saoil atá foghlamtha aige ar an aistear go dtí seo? ­ Ar Seachtain, labhair Dáithí le Tessa Fleming. ­ ­ Foclóir: ­ Na maidí a scaoileadh le sruth: To let things slide ­ I bhfaiteadh na súl: In the blink of an eye ­ Roic: Wrinkles ­ Maol: Bald ­ Ag tanú: Thinning ­ Ardteist: Leaving Cert ­ Máistir sorcais: Circus master ­ I ndiaidh a chéile: Back-to-back ­ Fir grinn: Clowns ­ Bliain agus leathchéad: 51 years ­ Caid: Football ­ Soineanta: Naive or innocent ­ Domhain: Deep ­ Teoraí: Guide ­ Gealgháireach: Cheerful ­ I gcló: Print ­ Lig do scíth: Relax ­ Póigín gréine: Freckle ­ Breoite: Sick ­ Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • May 20 · 23 min

    By-elections i nGaillimh agus BÁC: An buntáiste í an Ghaeilge sna fothoghcháin?

    Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo. Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda. Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar. Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghcheantar. Is iomaí ceist atá i mbéal an phobail agus an toghchán ag teannadh linn. Tá cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, an inimirce ag croílár an fheachtais sa dá chontae. Ach cé hiad na hiarrthóirí atá chun cinn go dtí seo? An buntáiste í líofacht na Gaeilge, go háirithe do mhuintir Chonamara? Agus cén tionchar a bheidh ag torthaí na dtoghchán seo ar na páirtithe móra agus ar chúrsaí polaitíochta na tíre i gcoitinne? Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le John Downing, tráchtaire polaitíochta leis an Irish Independent agus Máirín Ní Ghadhra, tráchtaire polaitíochta agus láithreoir TG4. Foclóir: Fothoghchán: By-election Breithiúnas cúirte: Court judgement Moill: Delay Stocaireacht: Campaigning Codarsnacht: Contrast Toghcheantar/dáilcheantar: Constituency Bruachbhaile: Suburb Áibhéil: Exaggeration Pobalbhreith: Opinion poll An dallamullóg a chur ar dhuine: To pull the wool over someone’s eyes Cuarbhóthar: Ring road Tachta: Choked Tráth dá raibh: Back in the day Vóta aistrithe: Transfers Frithbhunaíochta: Anti-establishment Teip: Failure Rogha na coitiantachta: The favourite Cinniúnach: Decisive Eachtrannaigh: Foreigners Iallach a chur ar: To force Comhaireamh: Count See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • May 14 · 27 min

    An dúnmharfóir Stephen McCullagh: 'Iar-chomhghleacaí de mo chuid'

    Maraíodh Natalie McNally, bean sna luath-tríochaidí, i mbéal na Nollag 2022, agus í trí ar pháiste. Ciontaíodh a iar-pháirtí, Stephen McCullagh, le déanaí as an dúnmharú ina dhiaidh dó iarracht a dhéanamh na póilíní a chur ar strae le linn an fhiosrúcháin. Chruthaigh sé bréag-ailibí dó féin. Maígh sé go raibh sé ag ‘beoshruthú’ ar Youtube ar feadh sé uair a chloig an oíche a dúnmharaíodh Natalie. Chomh maith leis sin, rinne sé tréaniarracht an milleán a chur ar iarpháirtí eile de chuid Natalie. Mar sin, cén dóigh ar tháinig na póilíní ar an fhírinne? Agus cad é atá i ndán anois do McCullagh? Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming faoin fhiosrúchán, faoin chas cúirte agus faoi McCullagh – iar-chomhghleacaí dá chuid. ­ ­ Foclóir: ­ Gean: Affection ­ Torrach: Pregnant ­ Idir dhá comhairle: Unsure or to be on the fence ­ Is léir: it is obvious ­ Tacht: Choke ­ Sádh í: She was stabbed ­ Dúnorgain: Manslaughter ­ An rud is míofaire: The most hideous thing ­ Otharcharr: Ambulance ­ Gabh: Arrest ­ Dodhéanta: Impossible ­ Aisteach: Strange ­ D'ainneoin: Despite ­ Bleachtaire: Detective ­ Bhí an t-ádh dearg air: He was very lucky ­ Comhghleacaí: Colleague ­ De réir a chéile: Bit by bit ­ Miotógaí: Gloves ­ Stócach: Boyfriend ­ Mar sin féin: However ­ Go teoiriciúil: Theoretically ­ Machnamh: Consideration ­ Aiféala: Regret ­ Is ball den Trust Project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • May 7 · 22 min

    Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru

    Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir. D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt. Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4. Tá a ceird forbartha go paiteanta aici agus an-taithí go deo aici a bheith ag cur faoi agallamh imreoirí, bainisteoirí agus tráchtairí spóirt. Ach ní earnáil éasca í na meáin in aon chor, agus is minic go mbíonn níos mó ama caite ar an bhóthar ag taistil ná os comhair an cheamara. Mar sin de, cad iad na buaicphointe agus an crá croí is mó a bhaineann leis an saol seo, saite sa spóirt? Agus i dtaca leis an láithriú de agus maidir lena a bheith ag caint go poiblí, cad iad na do’s and don’ts atá le foghlaim? Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an láithreoir spóirt Gráinne McElwain faoina saol oibre agus faoina togra úr ‘Own My Stage’. Foclóir: Togra: Project Seomra foirne: Staff room Nathanna cainte: Phrases or sayings Earnáil: Sector Caint phoiblí: Public speaking Táithí: Experience Fuinneamh: Energy Aitheantas: Recognition Aiseolas: Feedback Bua na cainte: The gift of the gab Eiseamláir: Role model Imní: Nervousness or anxiety Fánach: Random Scáthán: Mirror Teachtaireacht: Message Caighdeán: Standard Meáchan: Weight See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • April 30 · 22 min

    1926 Census: ‘1% de phobal na tíre a líon i nGaeilge é - mo mhuintir ina measc’

    Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin. Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926. Tá cuid mhór againn anois ag tumadh isteach sa chartlann agus suim againn níos mó a fháil amach faoinár gceantar féin agus faoi na daoine a tháinig romhainn. Sa sraith teilifíse nua, ‘Come to your Census’, chuaigh seisear ar thuras pearsanta chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid gaolta féin atá luaite sna cáipéisí. Duine acu siúd ná an láithreoir raidió Gormfhlaith Ní Thuairisg, agus í ag rianú a sinsear féin agus scéalta a pobail. Labhair Gormfhlaith ar Seachtain faoi na scealta a tháinig chun solais ar a haistear agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi. Foclóir: Múnlaigh: Shape Ag brath ar: Depending on Eisimirice: Emmigration Éagóir agus leatrom: Injustice and opression Gannchuid: Scarcity Racht mothúcháin: Fit of emotion Chuaigh sé i gcion orm: It really hit home Drogall: Reluctant I gcaitheamh móige: Throughout my childhood Ní laghdaíonn sé sin: That doesn’t take away from Cosc: Prevent Leigheas: Remedy Comhbhá: Empathy Cruatan: Hardship Domhain: Deep Airigh: To feel Níor chuimhnigh mé: I didn’t consider Tochailt: Digging Cladach: Coast/Shoreline See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • April 23 · 27 min

    War, ISIS, Taliban: An Gaeilgeoir a théann isteach sa choimhlint

    Ar shamhlaigh tú riamh cad é mar a bheadh sé a bheith i do shuí ag bord os comhair an Talaban? Nó idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas nua tar éis chogadh fíochmhar? Cad é a dhéanfá dá mbeadh ort dul go ceantar buailte ag tubaiste mhillteanach, agus tosú arís leis an atógáil? Sin iad roinnt de na dúshláin a bhíonn os comhair Angus Lambkin go rialta agus é ag obair leis na Náisiúin Aontaithe. Is saineolaí tubaiste é Angus a bhíonn ag taistil ar fud an domhain chuig tíortha atá i mbaol is faoi bhagairt. Ar Seachtain labhraíonn Ciarán Dunbar leis an bhFeirsteach Angus Lambkin, faoin ról ar leith atá aige mar shaineolaí tubaiste leis na Náisiúin Aontaithe. Foclóir: Oifig co-ordú: Cordination office Daonchairdeas: Philanthropy Stráitéis comhroinnte: Shared strategy Comhoibriú: Work together Ionadaíocht: Represent Ní airíonn muid: We don’t feel Caighdeán beatha: Quality of life Na diúracáin: The missiles Éiginnteacht: Uncertainty Coimeádach: Conservative Acmhainní: Resources Cráifeach: Religious Taidhleoireacht: Diplomacy Antoisceach: Extremist Crith talún: Earthquake Coimhlint: Conflict Ag obair go dlúth: Working closely Leochaileach: Vulnerable Ag dul in olcas: Getting worse Scoil idirchreidmheach : Interdenominational school Fostaithe: Employed Cinneadh: Decision Teip: Failure Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

Showing 1–20 of 23 episodes