Skip to content
Artwork for Nuacht Mhall
EducationLanguage Learning

Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londain

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
The week's main news stories, read slowly in Irish.

Play
  • 23 episodes
  • weekly
  • Avg 7 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • April 18 · 7 min

    18 Aibreán 2026 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán tubaiste toghcháin a sheachaint. Tá sé fógartha ag Magyar go bhfuil sé i gceist aige beartais intíre neamhchoitianta Orbán a chur ar ceal agus caidrimh dhomhanda na hUngáire a athshocrú, go háirithe leis an Aontas Eorpach. Tá cáineadh déanta ag an Pápa Leo ar cheannairí a chaitheann billiúin ar chogaí agus dúirt sé go raibh an domhan “á scriosadh ag dornán tíoránach” i ráiteas thar a bheith láidir le linn cuairte ar Chamarún an tseachtain seo. Le roinnt laethanta anuas, tá an Pápa Leo XIV faoi ionsaí ag an Uachtarán Trump agus a chomhghuaillithe as diúltú tacú leis an gcogadh san Iaráin. Tá rialtas Trump ag iarraidh a chogadh san Iaráin a léiriú mar “chogadh cóir” atá tacaithe ag diagacht Chríostaí. Tá easaontas láidir déanta ag an bPápa Leo, áfach, ag rá roimhe seo nach n-éisteann Íosa “le paidreacha na ndaoine a théann i mbun cogaidh”. Tá ómós á thabhairt do réalta cheol na hÉireann, Máire Ní Bhraonáin, nó Moya Brennan, cumadóir amhrán, cláirseoir agus príomhamhránaí Clannad, a fuair bás ag 73 bliana d'aois. Ba bhall bunaidh den bhanna ceoil tíre Éireannach í, le beirt dá cuid deartháireacha agus beirt dá cuid uncailí, agus bhí cáil uirthi as a fuaim shainiúil. Bhain an banna rath mór idirnáisiúnta amach le linn a ngairme 40 bliain agus tháinig siad chun cinn i 1982 lena gceol ceannródaíoch don tsraith teilifíse, Harry's Game. Ina dhiaidh sin, bhí gairm bheatha aonair rathúil ag Moya, ag comhoibriú agus ag taifeadadh le líon suntasach taibheoirí ó gach cearn de shaol an cheoil. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS toghchán parlaiminte - parliamentary election tubaiste toghcháin - electoral disaster dornán tíoránach - a handful of tyrants diagacht Chríostaí - Christian theology cumadóir amhrán - songwriter fuaim sainiúil - unique sound

  • April 12 · 6 min

    11 Aibreán 2026 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an t-aonú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey. Eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla atá ag ardú, agus d’éiligh roinnt agóideoirí go gcuirfeadh an rialtas uasteorainn ar phraghas an díosail agus go gcuirfí deireadh leis an gcáin charbóin. Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear, tá praghsanna díosail agus peitril ag ardú go mór, agus Caolas Hormuz fós dúnta. Tá rabhadh tugtha ag daoine eile sa phobal feirmeoireachta freisin go n-ardóidh praghas an bhia má leanann ardú praghsanna, mar gheall ar úsáid breosla san fheirmeoireacht. Tráthnóna Dé Máirt, tháinig trucailí agus tarracóirí isteach i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus lean na hagóidí ar aghaidh thar oíche agus sna laethanta ina dhiaidh sin. Cháin an Taoiseach Mícheál Ó Máirtín an lucht agóide as carrchlós a dhéanamh de Shráid Uí Chonaill, ach dúirt sé go leanfadh sé de bheith ag plé le grúpaí ionadaíochta tionscail. Tá treoraithe Everest cúisithe ag póilíní Neipeal as roinnt camscéimeanna a bhain le dreapadóirí. Ina measc tá drugaí a thabhairt do dhreapadóirí i ngan fhios dóibh ionas go mbeadh orthu iad a tharrtháil, le billí bréige thart ar fiche milliún dollar gearrtha ar na dreapadóirí agus ar árachóirí. Chuir daoine eile púdar bácála ina mbia ionas go mbeadh tinneas goile ar dhreapadóirí, rud a bhaineann le tinneas airde de ghnáth. I ndiaidh na dtarrthálaithe héileacaptair, bhronnaigh cuid acu na doiciméid taistil agus cóireála leighis chun cistí breise a éileamh ó árachóirí taistil eachtracha. Deirtear gur bhuail na camscéimeanna seo thart ar cheithre mhíle seacht gcéad dreapadóir. Tá stair ag an gcineál seo eachtra i Neipeal. Fuarthas amach i bhfiosrúcháin roimhe seo go raibh taistealaithe páirteach sna camscéimeanna uaireanta. D’fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá sos cogaidh leis an Iaráin oíche Dé Máirt, ach faoi thráthnóna Dé Céadaoin bhí comharthaí ann cheana féin go raibh sé ag titim as a chéile. Dé Máirt, chomhaontaigh an dá thír, agus Iosrael, sos cogaidh coicíse, níos lú ná dhá uair an chloig roimh an am a dúirt an tUachtarán Donald Trump go scriosfadh sé an tír. Cé go raibh Iosrael i measc na dtíórtha, dúirt an Príomh-Aire Netanyahu nach raibh an Liobáin san áireamh ann agus ina dhiaidh sin sheol sé ionsaithe ar an Liobáin. Dúirt an Iaráin gur bhris sé seo ceann de théarmaí a sos cogaidh, agus gur briseadh dhá théarma eile, lena n-áirítear lainseáil dróin isteach in aerspás na hIaráine. Thuairiscigh roinnt láithreáin nuachta gur chinn an Iaráin Caolas Hormuz a dhúnadh arís dá bharr, cé gur shéan na Stáit Aontaithe é seo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS breosla - fuel tarracóirí - tractors treoraithe - guides camscéimeanna - scams dreapadóirí - climbers árachóirí - insurers

  • April 4 · 5 min

    4 Aibreán 2026 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá dlí nua ceadaithe ag Iosrael a shocraíonn pionós an bháis mar phionós réamhshochraithe le haghaidh Palaistínigh ciontaithe in ionsaithe uafáis. Tharraing an dlí seo cáineadh ó dhaoine, rialtais agus eagrúcháin cearta daonna ar fud an domhain. Dúirt na Náisiúin Aontaithe agus Amnesty International gur dlí leatromach atá i gceist - go teoiriciúil d'fhéadfaí an dlí a úsáid in aghaidh daoine Iosraelacha ach ní tharlóidh sin mar caithfidh gur “stad a chur l’eiseadh an stáit Iosraelach” é cuspóir an ionsaí. Deir saineolaí go mbeidh coir chogaidh i gceist le gníomhú an achta agus go dtugann sé cumhacht ollmhór do stát Iosrael Palaistínigh a marú laistigh den dlí, gan triail chóir. Láinseáil Artemis II Dé Céadaoin, misean tábhachtach i stair an taistil sa spás. Is é seo an chéad uair ó 1972 go bhfuil daoine chun taisteal lasmuigh d'fhithis an domhain agus chun eitilt trasna na gealaí. Mairfidh an turas 10 lá, leis an spásarthach ag taisteal timpeall na gealaí, ag úsáid dhomhantarraingt na gealaí chun éifeacht imtharraingthe, nó “slingshot”, a chruthú agus iad a sheoladh ar ais chuig an domhan. Má tá rath acu, beidh siad ag taisteal níos faide ón domhain ná a thaistil aon duine riamh, timpeall 402,000 ciliméadar. Ar an gcriú beidh an chéad bhean, an chéad duine de dhath agus an chéad duine nach Meiriceánach iad chun taisteal chuig an ngealach. Tá an misean seo ag ullmhú le haghaidh leaindeáil gealaí pleanáilte ag NASA don bhliain 2028. Tá an spásarthach deartha le haghaidh níos mó ná turas amháin, agus an sprioc acu bunachar taighde buan a chruthú ar an ngealach. Le roinnt moille, brú ó Trump agus fadhbanna eile i rith an tionscnaimh, tá sceipteachas faoin amlíne seo. Tá roinnt comórtas i gceist mar tá leandáil gealaí a phleanáil ag an tSín ag an am céanna. In Éirinn, tá bacainn eile tagtha ar thógáil an Metrolink, agus an Stiúrthóir Tionscnaimh Seán Sweeney tar éis éirí as. Tionscnamh cáiliúil nó mícháiliúil é an Metrolink. Tá bealach díreach á chruthú idir lár Bhaile Átha Cliath agus an tAerfort mar cheann de príomhspriocanna an tionscnaimh. Moladh é den chéad uair in 2001, agus tháinig athruithe ollmhóra agus réimse dúshlán ar an tionscnamh le 25 bliain anuas, agus costas measta 11 billiún euro air ag an bpointe seo. D’éirigh Séan Sweeney as a ról le linn na seachtaine ar son a theaghlaigh, a bhfuil ina gcónaí sa Nua-Shéalainn, dúirt se go raibh sé neamh-inbhuanaithe a bheith ina chónaí chomh fada uathu. Tar éis blianta d'fhadhbanna pleanála, dlí agus airgeadais tá imní ar an bpobal go mbeidh moill eile mar thoradh den athrú seo. Deir Príomhfheidhmeannach Metrolink Lorcan O’Connor go bhfuil muinín aige nach gcuirfidh an bacainn seo le moill an tionscnaimh, agus go bhfuil tógáil réidh le tosú in 2027, leis an tseirbhís a chur i bhfeidhm i lár na 2030idí. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS pionós an bháis - the death penalty réamhshocraithe - default gan triail chóir - without a fair trial fithis an domhain - the earth's orbit domhantarraingt na gealaí - the moon's gravity mícháiliúil - infamous neamh-inbhuanaithe - unsustainable

Showing 21–23 of 23 episodes