Skip to content
Artwork for Nuacht Mhall
Nuacht Mhall · April 18 · 7 min

18 Aibreán 2026 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán tubaiste toghcháin a sheachaint. Tá sé fógartha ag Magyar go bhfuil sé i gceist aige beartais intíre neamhchoitianta Orbán a chur ar ceal agus caidrimh dhomhanda na hUngáire a athshocrú, go háirithe leis an Aontas Eorpach. Tá cáineadh déanta ag an Pápa Leo ar cheannairí a chaitheann billiúin ar chogaí agus dúirt sé go raibh an domhan “á scriosadh ag dornán tíoránach” i ráiteas thar a bheith láidir le linn cuairte ar Chamarún an tseachtain seo. Le roinnt laethanta anuas, tá an Pápa Leo XIV faoi ionsaí ag an Uachtarán Trump agus a chomhghuaillithe as diúltú tacú leis an gcogadh san Iaráin. Tá rialtas Trump ag iarraidh a chogadh san Iaráin a léiriú mar “chogadh cóir” atá tacaithe ag diagacht Chríostaí. Tá easaontas láidir déanta ag an bPápa Leo, áfach, ag rá roimhe seo nach n-éisteann Íosa “le paidreacha na ndaoine a théann i mbun cogaidh”. Tá ómós á thabhairt do réalta cheol na hÉireann, Máire Ní Bhraonáin, nó Moya Brennan, cumadóir amhrán, cláirseoir agus príomhamhránaí Clannad, a fuair bás ag 73 bliana d'aois. Ba bhall bunaidh den bhanna ceoil tíre Éireannach í, le beirt dá cuid deartháireacha agus beirt dá cuid uncailí, agus bhí cáil uirthi as a fuaim shainiúil. Bhain an banna rath mór idirnáisiúnta amach le linn a ngairme 40 bliain agus tháinig siad chun cinn i 1982 lena gceol ceannródaíoch don tsraith teilifíse, Harry's Game. Ina dhiaidh sin, bhí gairm bheatha aonair rathúil ag Moya, ag comhoibriú agus ag taifeadadh le líon suntasach taibheoirí ó gach cearn de shaol an cheoil. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS toghchán parlaiminte - parliamentary election tubaiste toghcháin - electoral disaster dornán tíoránach - a handful of tyrants diagacht Chríostaí - Christian theology cumadóir amhrán - songwriter fuaim sainiúil - unique sound

0:00-7:36

transcript

No transcript — this publisher did not publish one.

show notes

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán tubaiste toghcháin a sheachaint. Tá sé fógartha ag Magyar go bhfuil sé i gceist aige beartais intíre neamhchoitianta Orbán a chur ar ceal agus caidrimh dhomhanda na hUngáire a athshocrú, go háirithe leis an Aontas Eorpach.

Tá cáineadh déanta ag an Pápa Leo ar cheannairí a chaitheann billiúin ar chogaí agus dúirt sé go raibh an domhan “á scriosadh ag dornán tíoránach” i ráiteas thar a bheith láidir le linn cuairte ar Chamarún an tseachtain seo. Le roinnt laethanta anuas, tá an Pápa Leo XIV faoi ionsaí ag an Uachtarán Trump agus a chomhghuaillithe as diúltú tacú leis an gcogadh san Iaráin. Tá rialtas Trump ag iarraidh a chogadh san Iaráin a léiriú mar “chogadh cóir” atá tacaithe ag diagacht Chríostaí. Tá easaontas láidir déanta ag an bPápa Leo, áfach, ag rá roimhe seo nach n-éisteann Íosa “le paidreacha na ndaoine a théann i mbun cogaidh”.

Tá ómós á thabhairt do réalta cheol na hÉireann, Máire Ní Bhraonáin, nó Moya Brennan, cumadóir amhrán, cláirseoir agus príomhamhránaí Clannad, a fuair bás ag 73 bliana d'aois. Ba bhall bunaidh den bhanna ceoil tíre Éireannach í, le beirt dá cuid deartháireacha agus beirt dá cuid uncailí, agus bhí cáil uirthi as a fuaim shainiúil. Bhain an banna rath mór idirnáisiúnta amach le linn a ngairme 40 bliain agus tháinig siad chun cinn i 1982 lena gceol ceannródaíoch don tsraith teilifíse, Harry's Game. Ina dhiaidh sin, bhí gairm bheatha aonair rathúil ag Moya, ag comhoibriú agus ag taifeadadh le líon suntasach taibheoirí ó gach cearn de shaol an cheoil.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

toghchán parlaiminte - parliamentary election

tubaiste toghcháin - electoral disaster

dornán tíoránach - a handful of tyrants

diagacht Chríostaí - Christian theology

cumadóir amhrán - songwriter

fuaim sainiúil - unique sound

more episodes

All episodes