D

Tuesday · 47 min
Eagrán 15: Beo ón bPicnic Leictreach
Tá siad ar ais! San eagrán féiltiúil féastach seo — taifeadta go beo sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach — insíonn na leaids scéalta taibhsí faoi mhuintir Cosby agus an tSráidbhaile fadó, pléann siad féilte agus nósanna ólacháin na nGael mar a bhí sa chianaimsir, agus dáileann siad cannaí Smirnoff Ice go fial ar lucht a n-éisteachta. Ár mbuíochas le hOllscoil na Gaillimhe as urraíocht a dhéanamh ar an eagrán seo! :)