D

March 4 · 49 min
Eagrán 14: Beo ó Nás na Ríogh
Thriail na buachaillí báire chomh fada le Nás na Ríogh ar na mallaibh chun eagrán Dúchas a thaifead go beo ós comhair a lucht leanúna dhílis. Phléigh siad Bríd, banéarlamh Chontae Chill Dara. Ar bhean rialta is banab í nó bandia breabhsánta? Cé na cleachtais agus na deasghnácha a bhain le Lá ‘le Bríde (nó Imbolg, más págánach salach thú ar nós an Choistealaigh)? Cén saghas tagairtí atá i lámhscríbhinní ár sinsear ar an mbandia? É sin uilig agus i bhfad eile san eagrán bríd-mhar beoga seo.