Skip to content
Artwork for Tús Áite

Tús Áite

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Play
  • 283 episodes
  • Avg 11 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • September 3 · 6 min

    Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

    Na scéalta nuachta ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Concubhar Ó Liatháin, Iriseoir ilmheáin le TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 9 min

    Tús Áite: Mír na Meán

    Na scéalta atá go mór i mbéal an phobail, á chur i láthair ag Síle Ní Choinceannain, Ollamh Cúnta sa Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 10 min

    Tús Áite: Stiúrthóir nua Cheathrú Ghaeilge BÁC.

    Tá an ceoltóir agus an gníomhaí pobal agus Gaeilge Maitiú Ó Casaide ceaptha mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath. Tá an Cheathrú Ghaeilge beartaithe do cheantar thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Labhair muid leis faoin ról nua seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 5 min

    Tús Áite: Athrú Aeráide agus Feirmeoireacht.

    Duirt Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe go sárófar ardú 1.5°C ar theocht dhomhanda agus go bhfuil an dúshlán anois “athraithe ón sárú sin a sheachaint go bainistiú a dhéanamh air. Tá cur síos déanta ag na Náisiúin Aontaithe, i measúnú den chéad chineál dá leithéid, ar an gcaoi a bhféadfadh an domhan an méadú ar theocht dhomhanda a thabhairt ar ais go 1.5°C tar éis an spriochloch sin a bheith sáraithe. Phléamar an scéal le Aedraen Ó Dubhghaill, feirmeoir i bPortlaoise. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 5 min

    Tús Áite: Rialacha nua e-scútair.

    Ón Aoine seo amach, beidh sé éigeantach do dhaoine atá ag úsáid e-scútar clogad agus éadaí so-fheicthe a chaitheamh. Ní thiocfaidh an méadú atá beartaithe ar an íosteorainn aoise ó 16 go 18 mbliana d’aois i bhfeidhm go dtí níos déanaí sa bhliain. Bhí éin Ó Muíneacháin, urlabharaí iompair Fhianna Fáil, inár dteannta chun an scéal a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 7 min

    Tús Áite: Ionsaí na nDrón i Leipzig

    Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tar éis fios a chur ar ambasadóir na Rúise freastal ar chruinniú chun míniú a thabhairt ar thuairiscí faoi bhainta bheith ag an Rúis le hionsaí dróin ag aerfort Leipzig. Tá an tAontas Eorpach le gearán a dhéanamh leis an taidhleoir is sinsearaí de chuid na Rúise sa Bhruiséil mar gheall ar an eachtra. Labhair muid le Seán Ó Ceallaigh, Feisire Eorpach d’Éire Theas Fine Gael. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 6 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 1 · 6 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 1 · 6 min

    Tús Áite: Vóta Fórsa

    Vótáil baill Fórsa ar son mandáit a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch mar chuid dá aighneas pá leis an rialtas. D’fhógair an ceardchumann san iarnóin inniu gur vótáil 96.6 % ar son an mholadh. Phléamar cúrsaí le Paul McSweeney, Leas Ard Rúnaí Fórsa. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 1 · 9 min

    Tús Áite: Tithe Tábhairne na hÉireann i mbaol.

    Tá teach tabhairne amháin as gach ceithre chinn imithe as gnó ó 2005 i leith de réir tuarascáil nua. An t-eacnamaí Anthony Fley a d’ullmhaigh an tuarascáil thar ceann Ghrúpa Thionscal na nDeochanna in Éirinn. Bhí an scéal seo á phlé againn Eoin Ó Catháin, Stiúrthóir le Cumann Fuisce na hÉireann. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 31 · 1 hr

    Tús Áite - 31 Lúnasa 2026

    Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil.Inniu ar an gclár bhí: Aindrias Ó Cathasaigh (Staraí agus údar); Mairéad Ní Nuadháin (Colúnaí le Tuairisc.ie agus iar-Cheannasaí ar Chaidreamh Seachtrach le RTÉ); Mary Hanafin (Abhcóide agus Iar-Aire Rialtais le Fianna Fáil); Liam Mac Amhlaigh (Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad); See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 31 · 16 min

    Tús Áite: Éire Aontaithe, agus NATO in Éirinn.

    Tá tráchtairí áirithe ag rá le déanaí go bhfuil suim stratéiseach na Breatine arís in Éirinn mar thoradh ar an teannas nua idir an Eoraip agus an Rúis, agus go bhféadfadh go mbeadh an Bhreatain ag iarraidh Tuaisceart na hEireann a choiméad ar mhaith le cúrsaí slándala san Atltantach, agus mar nach féidir braith ar Phoblacht na hEireann mar phairtnéir slándala. Roinn an Painéal á gcuid smaointe ar an scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 31 · 15 min

    Tús Áite: Scéim infheistíochta Rialtais

    D'fhógair an Rialtas sonraí faoi scéim nua chun spreagadh a thabhairt don phobal infheistiú a dhéanamh. Beidh cuntais infheistíochta faoin scéim ar fáil don phobal go luath an bhliain seo chugainn. Phléamar an scéal leis an bPainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 31 · 11 min

    Tús Áite: SIPTU ag bagairt stailce

    D’fhógair SIPTU go bhfuil a mbaill tar éis vótáil ar son cead a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch agus iad ag tairiscint pá níos fear dá mbaill san earnáil phoiblí. Bhí an scéal seo á phlé againn leis an bpainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 28 · 8 min

    Tús Áite: Drámaíocht ag an bPicnic Leictreach.

    Beidh aisteoirí ó Chumann Drámaíochta, Ollscoil na Gaillimhe ag léiriú an dráma Coinneáil Orainn le Darach Ó Scolaí sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach i mbliana. Aoir é Coinnneáil Orainn a dhéanann iniúchadh ar mheath na Gaeilge agus ar theipeanna pholasaithe teanga an stáit trí scéal chigire a bhíonn ag cuardach na gcainteoirí dúchais deireanacha. Phléamar é le Bláithín Ní Chatháin, Oifigeach Taibhealaíon Laighean, Oireachtas na Gaeilge, agus le Caoimhe Ní Chualáin, Stiúrthóir Coinneáil Orainn. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 28 · 6 min

    Tús Áite: Scannáin 'Aontas'.

    D’fhógair IFTA gur é an scéinséir Gaeilge Aontas rogha na hÉireann sa chatagóir Scannán Idirnáisiúnta sna hOscars i mbliana. Tá Aontas ag leanúint sna sála ar an Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán Oscar i 2023, agus scannán Kneecap, a bhain gearrliosta na nOscair amach i 2024. Bhí stiúrthóir an scannáin, Damian McCann, inár dteannta chun labhairt faoi. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 28 · 5 min

    Tús Áite: Díospóireacht sa Dáil

    Tháinig an Dáil le chéile inniu – agus seomra na Dála lán go doras - i gcomhair vóta ar bheartas an Rialtais an ciorrú ar dhleacht breosla a shíneadh amach go mí na Samhna. Phléamar an méid a tharla ann le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 28 · 8 min

    Tús Áite: Mír Spóirt

    Na scéalta móra spóirt á chur i láthair ag Cuán Ó Flatharta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 28 · 12 min

    Tús Áite: Painéal Nuachta

    Na scéalta móra nuachta á phlé le Cecilia Ní Choileáin, Abhcóide, agus Áine Ní Chiaráin, Trachtaire polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • August 27 · 4 min

    Tús Áite: Gaelathon

    Ar an 11ú Deireadh Fómhair anseo i mBaile Átha Cliath reachtálfar Gaelathon, an chéád rás trí Ghaeilge riamh! Seo rás 5 chiliméadar i bPáirc an Fhíónuisce, á reachtáil ag BÁC le Gaeilge, Club Reatha Céim ar Chéim, agus oifig na nOibreacha Poiblí, Bhí Anna Cullen, Eagraí Gaelathon, linn chun tuilleadh a insint dúinn faoi. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Showing 241–260 of 283 episodes