Skip to content
Artwork for Scéalta
Kids & FamilyEducation for Kids

Scéalta

RTÉ Kids

SCÉALTA is a magical series of Irish language stories from some of Ireland's finest writers and performers. Each episode of SCÉALTA transports listeners off on a brand new audio adventure. // Is sraith dhraíochtúil scéalta Gaeilge í SCÉALTA atá scríofa agus curtha i láthair ag roinnt de na scríbhneoirí agus na taibheoirí is fearr in Éirinn. I ngach eagrán de SCÉALTA, tógtar an lucht éisteachta ar aistear fuaime úrnua.

Play
  • 6 episodes
  • Avg 9 min
  • Irish
  • #1
    Mar 10, 2023 · 10 min

    An Phollóg Feasa

    Is páiste fiosrach é Rian ach b’fhearr leis a bheith ar a fhón ná ag iascaireacht lena athair. Ach nuair a bhuaileann sé le seanfhear cois abhann agus cloiseann sé scéal an Bhradáin Feasa, músclaíonn a chuid suime san iascaireacht. An éireoidh leis breith a bhradán feasa féin? See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • #1
    Mar 10, 2023 · 11 min

    An Beithíoch Dearg

    Nuair a bhogann Neilí agus a mam ón gcathair go feirm Mhamó, ní mó ná sásta atá sí agus í sáinnithe faoin tuath. Ach an athróidh an scéal nuair a thagann “an t-arracht”, an beithíoch dearg, le linn na hoíche? Foghlaimeoidh sí rud beag faoin athrú agus gheobhaidh sí tuiscint nua ar an saol. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • #1
    Mar 10, 2023 · 10 min

    An Chathair Mhór

    D’fhág Caoimhe a baile chun a haisling a fhíorú sa chathair mhór. Ach nuair a bhíonn drochthaithí aici ar shráideanna na cathrach, athraíonn a meon agus déanann sí iarracht a bheith níos scanrúla chun í féin a chosaint. An bhfaighidh cairdeas an lámh in uachtar ar uaigneas? See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • #1
    Mar 10, 2023 · 10 min

    Cleachtadh a Dhéanann Máistreacht

    Tá Fionn ag streachailt lena cheachtanna pianó agus a bheirt thuismitheoir ina gceoltóirí. An mbriseann an dúchas i gcónaí? B’fhéidir nach bhfuil sé ag féachaint san áit cheart. Nuair a fheiceann sé bean an bhodhráin ag barr na haille, téann sé ar aistear ceoil nua. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • #1
    Mar 10, 2023 · 11 min

    Eascann an Easa

    Gach bliain, ní mór d’eascann an easa dul timpeall toibreacha leighis na habhann chun iad a ghlanadh, díreach mar a rinne a athair roimhe. An uair seo, áfach, nuair a dhúisíonn sé tar éis lá oibre ollmhór, tá sé tinn. An bhfuil ainmhithe an dá chos tar éis é a thréigean? See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • #1
    Mar 3, 2023 · 31 sec

    Fáilte go Scéalta

    Tar ar thuras samhlaíochta leis an tsraith nua dhraíochtúil seo Scéalta! See omnystudio.com/listener for privacy information.

Showing 1–6 of 6 episodes