Skip to content
Artwork for Raidió Rí-Rá
ArtsMusic

Raidió Rí-Rá

Raidió Rí-Rá

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge.

Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe.

Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
Play
  • 38 episodes
  • Avg 22 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • #51
    Thursday · 12 min

    Pygmalion as Gaeilge

    Tá an comhlacht drámaíochta Aisling Ghéar tar éis leagan Gaeilge don dráma iomráiteach Pgymalion a chruthú agus iad ag dul ar an mbóthar leis timpeall na tíre an tseachtain seo chugainn. Labhair Aisling le scríbhneoir an dráma, Nuala Ní Néil, ar eagrán na seachtaine seo.

  • #50
    September 29 · 24 min

    Coinne Chultúir le hAisling Moran

    Tháinig Aisling Moran isteach go dtí an stúideó le labhairt faoin albam nua a bheidh á eisiúnt aici ar an 3ú Deireadh Fómhair sa Fumbally i mBaile Átha Cliath. Is féidir ticéid a fháil ar leathanach Instagram Aisling @ceol_aisling Éist le Raidió Rí-Rá ar an aip, ar DAB agus ar líne ag www.rrr.ie

  • #49
    September 25 · 10 min

    Tar linn go hAirneán!

    Bhí gig Airneán ar siúl againn aréir in Small Changes in Ínse Chór le Aisling Moran, And he, the fool & Rónán Ó Snodaigh. Seo chugaibh blaiseadh de! Beidh an chéad oíche Airneán eile ar siúl i mí Dheireadh Fómhair i mBóthar na gCloch mar chuid d'Fhéile Splanc. Coimeád súil ar Eventbrite & Instagram RRR

  • #48
    September 23 · 19 min

    Loch nEathach le Cassie Ní Chatháin

    Tá an loch is mó in Éirinn, Loch nEathach, á phlúchadh ag algaí gormghlasa. Tubaiste thimpeallachta é, an loch a bhfuil na mílte ag brath air ag fáil bháis os comhair ár gcuid súl. Bígí páirteach san fheachtas @saveloughneagh Agóid ar siúl lasmuigh de Chnoc an Anfa ar an 26 Meán Fómhair

  • #47
    September 23 · 10 min

    Comhdháil na Luathbhlianta le Gaeloideachas

    Tá Gaeloideachas ag eagrú Comhdháil na Luathbhlianta a mbeidh ar siúl ar 17 Deireadh Fómhair in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Baile Átha Luain. 'Ag fí na teanga' an téama atá ar an gcomhdháil agus labhair Nuala Ní Chonláin agus Katie Ní Riain faoi le hAisling ar eagrán an lae inniu.

  • #46
    September 22 · 29 min

    Conas aire a thabhairt do na hormóin & don gcorp le linn an gheimhridh le Nell Ní Chíobháin

    Labhair Aisling le Nell Ní Chíobháin ó @anam_nutrition maidir leis an leigheas atá ar fáil sa bhia, conas gur féidir linn oibriú lenár hormóin agus conas an córas imdhíonach a neartú le linn an gheimhridh. Is féidir gach eolas faoi sheirbhísí Nell a fháil ar Instagram ag @anam_nutrition nó trí ríomhphost a sheoladh chuici ag anamnutrition@gmail.com.

  • #45
    September 21 · 5 min

    Dublin By Dusk

    Tá scéim nua seolta ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Roinn Chultúir agus Fáilte Ireland darb ainm Dublin By Dusk agus mar chuid den scéim beidh imeachtaí ar siúl agus roinnt áiteanna ag fanacht oscailte níos déanaí mar a bhíonn siad oscailte de ghnáth an Déardaoin deireanach de ghach mí. Ar Choinne Chultúir na seachtaine seo chun é sin a phlé tá Caoimhe Seoige ó Fháilte Ireland.

  • #44
    September 18 · 30 min

    Macklemore agus Ed Sheeran - Cad é an scéal?

    San eagrán Coinne Chultúir seo, labhraíonn Jade agus Aisling faoi chuile rud a thit amach idir Macklemore agus Ed Sheeran. Má tá tuairim agat féin ar mhaith leat a roinnt, roinn linn é ar Instagram @raidiorira Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip

  • #43
    September 18 · 10 min

    Lón Machnaimh: Kabin Crew & An Post

    Labhair Aisling le baill an Kabin Crew, Aaron & Liadh Crew faoin dtogra nua atá ar bun acu leis An Post darb ainm Ag Baint Feabhais Amach.

  • #42
    September 15 · 32 min

    Coinne Chultúir: Saoirse agus Spraoi le Evanne Kilgallon

    Labhraíonn an t-aisteoir Evanne Kilgallon faoin dráma nua Saoirse atá á léiriú ag Dublin Fringe Festival, faoina cleachtas ealaíne, agus faoin tábhacht a bhaineann le spraoi sa lá atá inniu ann.

  • #41
    September 11 · 7 min

    Lón Machnaimh: Irish for Parents

    Labhair Aisling le Clodagh Ní Mhuirí ó Ghaeloideachas maidir leis an mol nua atá seolta acu darb ainm 'Irish for Parents', a thacóidh le tuismitheoirí atá ag iarraidh cabhrú lena bpáistí agus iad ag foghlaim na Gaeilge nó le tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógaint trí Ghaeilge. https://irishforparents.ie/

  • #39
    September 7 · 31 min

    Electric Picnic 2026 - Siúl Siar

    Agus seachtain caite théis na féíle, tar ar Choinne Chultúir le Jade ⁊ Emma le léirmheas a fháil ar Electric Picnic 2026. Idir buachphointí, íosphointí ⁊ mianta na bliana seo chugainn- tá neart le plé againn san eagrán seo! Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip- am ar bith, áit ar bith.

  • #38
    September 7 · 27 min

    Lón Machnaimh le Laoighseach Ní Choistealbha

    Ar eagrán an lae inniu labhair Aisling leis an bhfile, scríbheneoir agus an scoláire Laoighseach Ní Choistealbha. Tá eagrán filíochta Laoighseach 'Mainistir na Feola' ainmnithe do ghradam Uí Shúilleabháin Oireachtas na Samhna 2026, an t-aon bhean agus an t-aon file ar an ngearrliosta. Seo an dara cnuasach uaithi agus bhíomar chomh sástá a bheith in ann an gradam agus a saothar trí chéile a phlé léi ar Lón Machnaimh.

  • #37
    September 7 · 16 min

    An mbeidh an Ghaeilge ag na Oscars arís?

    Ar eagrán na seachtaine seo labhair Aisling le Damian McCann, stiúrathóir agus comhscríbhneoir an scannáin Aontas atá roghnaithe ag IFTA le hionadaíocht a dhéanamh ar Eireann ag na hOscars. Is féidir féachaint ar Aontas saor in aisce ar sheinnteoir TG4.

  • #36
    September 4 · 14 min

    Lón Machnaimh: Dornaclaíocht & Oidhreacht Katie Taylor

    Tá an tír ar fad ag ullmhú do throid deireanach Katie Taylor an deireadh seachtaine seo, agus theastaigh uainn labhairt faoi le Adam Mac Con Midhe, a dhéanann ranganna dornálaíochta trí Ghaeilge i dTamhlacht. Labhair sé liom faoina ghnó fhéin, na buntáistí a fhaigheann sé ón ndornálaíocht agus an oidhreacht a bheidh fágtha i ndiaidh Katie Taylor. Lean Adam ag @dornaclaiocht

  • #34
    August 31 · 5 min

    Lón Machnaimh: The Last Gaeltacht le Ryan Carlin

    Labhair Aisling leis an gcruthaitheoir Ryan Carlin faoin fhíschluiche atá á chruthú aige darb ainm The Last Gaeltacht, ina bhfuil ar charachtair an Ghaeltacht dheireanach sa tír a shábháil ó lucht an Bhéarla. Níl an cluiche ar fáil go fóill ach is féidir é a réamhshábháil ar Steam.

  • #35
    August 28 · 5 min

    Lón Machnaimh: Amhrán na Laoch

    Tá comórtas cumadóireachta amhrán Gaeilge á reáchtáil mar chuid de Mhí Cheoil na hÉireann arís i mbliana, le tacaíocht ó An Post, Gael Linn, Hot Press agus Cumann Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann. Is é Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026, an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus labhair Aisling le Críostóir Mac Afraidh faoin gcomórtas agus na duaiseanna atá ar fáil do na buaiteoirí.

  • #33
    August 24 · 35 min

    Coinne Chultúir: Breith suas agus cuimhní na bhféilte

    Tá Emma, Aisling agus Jade ar ais sa stiúideo le chéile! Breith suas linn agus muid ag déanamh plé ar an nuacht is déanaí i saol an cheoil agus ag cuimhneamh siar ar scéalta na bhféilte ceoil thar na blianta! Labhrímid faoin scannán nua 'Tony', ré nua Fontaines D.C., comh maith le buachphointí ⁊ ceachtanna foghlamtha ag na bhféilte ceoil. Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B agus ar an aip

  • #32
    August 14 · 34 min

    Coinne Chultúir: Achoimre ar ATN, saol gan Instagram agus The Backrooms

    Tar ar Choinne Chultúir le Jade ⁊ Aisling! San eagrán seo insíonn Jade dúinn faoi conas mar a bhí All Together Now agus faighimid uasdátú ó Aisling maidir le conas atá ag eirí leí gan Instagram na laethanta seo... i measc neart eile! Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B ⁊ ar an aip xoxoxo

Showing 1–20 of 38 episodes