Skip to content
Artwork for Cruthaigh
BusinessEntrepreneurship

Cruthaigh

Gaeilge365

Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?
Tá ceannródaithe teanga ag teacht chun cinn ar fud Bhaile Átha Cliath. Glac páirt sa ghluaiseacht agus cruthaigh todhchaí gheal trí Ghaeilge.
Éist le scéalta na gceannródaithe atá tar éis tús a chur le tógáil sochaí dátheangach i mBÁC agus níos faide i gcéin.
Tuilleadh tacaíóchtaí & scéalta ar www.gaeilge365.ie

Play
  • 15 episodes
  • Avg 51 min
  • Irish
  • S2 · E7
    Monday · 47 min

    Cruthaigh: Emmet de Barra & Féile Splanc

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le hEmmet de Barra, Oifigeach Féilte le Craobh BhÁC 7. Rugadh agus tógadh ar Bhóthar na hUaimhe i mBÁC 7 agus tá cónaí air ar an gCabrach anois. Bhí sé mar chathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge ar feadh 3 bliana is anois tá sé ina oifigeach Féilte le Craobh BhÁC 7. Tá sé ag obair mar fhoclóirí le Foclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. Ghlac sé ról mar Oifigeach Féilte le Craobh BhÁC 7 mar go raibh sé ag iarraidh cabhrú an cheantar a athrú go áit a bheadh an Ghaeilge i lárnach agus go mbeadh éinne abalta saol s'aige a chaitheamh trí mhéan na gaeilge, ní amháin sa bhaile nó san obair ach sa gnáth saol.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochtaí ar fáil ag www.gaeilge365.ie

  • S2 · E6
    August 19 · 47 min

    Cruthaigh: Emma Ní Chearúil & Glór Ár Linne

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le Emma Ní Chearúil, craoltóir, cruthaitheoir agus scríbhneoir, a bhfuil a croí istigh i gceol agus cultúr na hÉireann, agus atá tiomanta do ghluaiseachtaí pobail. Bíonn sí ag scríobh ar chúrsaí cultúrtha agus ceoil ar son The Irish Times, is láithreoir cláracha ceoil í ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tá sí mar chuid d'fhoireann léirithe an podchraoladh Rebel Matters. Le trí bliana anuas tá Raidió Rí-Rá faoina stiúir, ról ina leagann sí béim ar tógáil pobail, agus ardán a sholáthair do cheol na hÉireann a shásaíonn spéiseanna cultúrtha na n-óg. Is Iarchathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge agus iarbhall ar Bhord Stiúrtha fhéile litríochta Gaeilge IMRAM í.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochtaí ar fáil ag www.gaeilge365.ie.

  • S2 · E5
    August 10 · 41 min

    Cruthaigh: Eoin P Ó Múrchú & Amhránaithe an Chlub

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le hEoin P Ó Múrchú, scríbhneoir agus aistritheoir ó Bhaile Átha Cliath. Bíonn a chuid filíochta agus grinn á chur i láthair aige timpeall na tíre agus ar líne. Is é a bhunaigh Amhránaithe an Chlub, oíche mhíosúil amhránaíochta, agus tá baint lárnach aige le réimse leathan grúpaí pobail, ina measc; Na Gaeil Óga agus GaelGÁIRÍ chomh maith le himeachtaí cultúrtha, foilseacháin éagsúla agus eile. An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochta ar fáil duit ag www.gaeilge365.ie

  • S2 · E1
    July 27 · 24 min

    Cruthaigh: Aisling Ní Dhonnabháin & An Fréamhú Collective

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le hAisling Ní Dhonnabháin, comhbhunaitheoir Fréamhú Collective agus craoltóir agus gníomhaí teanga le taithí na mblianta sna meáin Ghaeilge mar láithreoir teilifíse agus raidió, agus le tógaint pobail le heagraíochtaí Gaeilge. Tá croí Aisling i gcúrsaí bithéagsúlachta agus creideann sí go láidir gurb ionann cosaint na Gaeilge agus cosaint na bithéagsúlachta in Éirinn. Is co-bhunaitheoir den ghrúpa pobail “Fréamhú Collective” í, a bhfuil aidhm acu daoine a spreagadh a cruise Gaeilge a úsáid in éineacht le daoine úna agus timpeallacht dhearfach mhisniúil a chur ar fáil dóibh a bheith tumtha sa teanga.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochta ar fáil ag www.gaeilge365.ie

  • S2 · E3
    July 20 · 26 min

    Cruthaigh: Seán Ó Dálaigh & Na Binsí Comhrá

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le Seán Ó Dálaigh, innealtóir ó Bhailé Átha Cliath, a thosaigh ag obair don Chomhairle Cathrach i 2022 agus atá fós i mbun oibre ann, tar éis beagnach ceithre bliana sa Roinn Iompair agus Seirbhísí Poiblí. Tá sé ag obair ar an tionscadal Binsí Comhrá, le tacaíocht ó Gaeilge365.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochta ar fáil duit anseo www.gaeilge365.ie.

  • S2 · E2
    July 13 · 35 min

    Cruthaigh: Mairéad Nic Gabhann & An Club Reatha

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le Mairéad Ní Ghabhan, atá i gceannas ar chlub reatha trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Is Bainisteoir Forbartha Coimisiúin na Meán le Coimisiúin na Meán í Mairéad. Tá suim mhór aicí sa phobal agus i rudaí a thugann daoine le chéile trí mheán na Gaeilge, agus is maith léi spásanna oscailte, fáiltiúla a chruthú ina mbíonn daoine ábalta a bheith iad féin agus triail a bhaint as rudaí nua! An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tar i dteagmháil linn ag www.gaeilge365.ie

  • S2 · E1
    July 6 · 44 min

    Cruthaigh: Sean Greif & MoonTour

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le Seán Greif, bunaitheoir Moontour, clár samhraidh a chuireann foghlaim agus spraoi i gcroílár an taithí. Thóg Seán Moontour ar an tuiscint go bhfuil sé níos éasca do dhaoine óga foghlaim I ngrúpaí beaga, i suíomh ina mbíonn tacaíocht, misneach agus cairdeas mar chuid den phróiseas. Faoi stiúir Shéain, cuireann Moontour clár ildánach ar fáil — ó spóirt uisce go cluichí ríomhaireachta, agus gach rud eatarthu. An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochta ar fáil duit ag www.gaeilge365.ie.

  • S1 · E7
    May 29, 2025 · 1 hr 15 min

    Cruthaigh: Ciarán Ó Feinneadha & Na Gaeil Óga

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le Ciarán Ó Feinneadha, gníomhaí Gaeilge agus comhbhunaitheoir Na Gaeil Óga - club CLG lán-Ghaeilge i Leamhcán le 600+ ball anois.Míníonn Eoin dúinn céard a spreag iad leis Na Gaeil Óga a bhunú, a chúlra mar ghníomhaire teanga agus pobail, na constaicí is mó a thug siad aghaidh orthu, agus na moltaí a thabharfadh sé do dhaoine eile atá ag iarraidh rudaí a bhunú trí Ghaeilge.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochtaí ag www.gaeilge365.ie/cruthaigh.

  • S1 · E6
    Apr 29, 2025 · 45 min

    Cruthaigh: Stephanie Ní Chonchúir & Píosa Me

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le Stephanie Ní Chonchúir, bunaitheoir Píosa Me - grúpa sóisialte do Ghaelgeoirí óga ar fud na tíre. Bhunaigh sí an grúpa agus í ar an ollscoil agus tá fás as cuimse tagtha air anois le 12 míle leantóir ar TikTok. Bíonn imeachtaí á eagrú aici go rialta do dhaoine ag gach leibhéal Gaeilge, agus anois tá a branda éadaí féin aici. Labhair Stephanie faoina taithí leis an nGaeilge mar dhuine nár fhreastal ar Ghaelscoileanna, a spreag í lena haistear fiontraíochta a thosú. Míníonn sí dúinn céard a spreag í lena haistear fiontraíochta a thosú, na meáin shóisialta, conas plé agus dul i bhfeidhm ar dhaoine, na constaicí is mó a thug sí aghaidh orthu, todhchaí Píosa Me agus na moltaí a thabharfadh sí do dhaoine eile atá ag iarraidh rudaí a bhunú trí Ghaeilge. An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochtaí ag www.gaeilge365.ie/cruthaigh.

  • S1 · E5
    Apr 17, 2025 · 59 min

    Cruthaigh: Louisa Ní Éideáin & GaelGáirí

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le Louisa Ní Éideáin, atá mar bhall den chomharghrúpa grinn Gaeilge - Gaelgáirí. Cuireann Louisa, Aideen McQueen agus neart fuirseoirí eile taispeántais ar siúl ar fad fad BÁC, na tíre, agus an domhain trí Ghaeilge. Freisin, cuireann siad tacaíocht ar fáil d'fhuirseoirí nua agus oilte chun triail a bhaint as i nGaeilge. Bíonn Louisa ag plé le cuid mhór rudaí eile freisin ar nós feachtasaíochta ar son na Gaeilge agus an Ghaeloideachais. An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochtaí ag www.gaeilge365.ie/cruthaigh.

  • S1 · E2
    Apr 10, 2025 · 1 hr 6 min

    Cruthaigh: Cúán Mac Conghail & Macalla Teoranta

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le Cúán Mac Conghail, bunaitheoir Macalla Teoranta - comhlacht léiriúcháin Éireannach, stiúideo fuaime agus teach áiseanna iarléiriúcháin é atá lonnaithe i gcroílár Chathair Bhaile Átha Cliath. An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochtaí ag www.gaeilge365.ie/cruthaigh.

  • S1 · E3
    Apr 3, 2025 · 59 min

    Cruthaigh: Dawn Nic Íomhar & Aon Scéal? Café

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le Dawn Nic Íomhar, bunaitheoir Aon Scéal? Café i dTamhlacht. D'oscail na doirse i 2019 agus tá siad mar chroílar Tamhlachta ó shin. Cuirtear seirbhís ar fáil trí Ghaeilge agus bíonn an-chuid imeachtaí ar siúl acu don phobal. Míníonn Dawn dúinn céard a spreag iad chun siopa caifé a bhunú trí Ghaeilge, conas freastal ar an bpobal, tábhacht an chafé sa phobal, na constaicí is mó a thug siad aghaidh orthu, agus na moltaí a thabharfadh sí do dhaoine eile atá ag iarraidh rudaí a bhunú trí Ghaeilge. An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochtaí ag www.gaeilge365.ie/cruthaigh.

  • S1 · E2
    Mar 27, 2025 · 1 hr 4 min

    Cruthaigh: Ciarán Mac Fhearghusa & Óga Yoga

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le Ciarán Mac Fhearghusa, a bhunaigh Óga Yoga. Cuireann sé ranganna ióga agus aireachais ar fáil i scoileanna agus cúrsaí samhraidh trí Ghaeilge.Trí phlé a dhéanamh ar a thaithí leis an nGaeilge, míníonn Ciarán dúinn conas a thosaigh sé leis an ióga agus an chaoi a bhunaigh sé Óga Yoga, an nasc idir an Ghaeilge agus aicmeachas, todhchaí agus féidearthachtaí Óga Yoga agus na Gaeilge. Molann sé conas smaoineamh a chruthú, na constaicí is mó agus conas muinín a bheith agat chun togra rathúil a chruthú.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochtaí ag www.gaeilge365.ie/cruthaigh.

  • S1 · E1
    Mar 14, 2025 · 1 hr 13 min

    Cruthaigh: Eoin McEvoy & Aerach Aiteach Gaelach

    Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Bhunaigh Ciara Ní É agus Eoin McEvoy Aerach Aiteach Gaelach i 2020. Comharghrúpa ealaíon LADTA+ is ea iad le níos mó ná 110 ealaíontóir aiteach ann anois, idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, thaibheoirí draig, srl. Labhraíomar le hEoin faoi bhunú agus próiséas AAG agus na moltaí a thabharfadh sé do dhaoine eile atá ag iarraidh grúpaí a bhunú trí Ghaeilge. An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochtaí ag www.gaeilge365.ie/cruthaigh.

Showing 1–15 of 15 episodes