Skip to content
Artwork for Barrscéalta

Barrscéalta

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Play
  • 78 episodes
  • Avg 9 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • September 24 · 7 min

    Hughie Rua Ó Gallachóir, saineolaí sacar

    Cuireadh tús le sraitheanna sacair Dhún na nGall arís ag an deireadh seachtaine do shéasúr eile agus linn le plé a dhéanamh ar na sraitheanna sin agus cluiche na hÉireann in éadan Iosrael bhí Hughie Rua Ó Gallachóir. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 24 · 11 min

    Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach

    Bhí Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach, sa teach agus muid ag ceiliúradh inniu mar go bhfuil Andy linn anseo ar Bharrscéalta le 20 bliain an tseachtain seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 24 · 7 min

    Éilis Ní Fhearraigh ó Pobal Shíomóin

    Tá Seachtain Náisiúnta Shíomóin ar siúl an tseachtain seo, a reáchtáil ag Pobal Shíomóin a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine gan dídean sa tír seo agus labhair Éilis Ní Fhearraigh ón eagraíocht linn faoin tseachtain agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 24 · 7 min

    An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap

    Inniu labhair An Dr Delap ar Aonad na n-Othar Seachtrach in Otharlann Leitir Ceanainn agus easpa comhoibriú idir na Seirbhísí Meabhairshláinte. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 24 · 6 min

    Dympna English, Aintín Mark English

    Bhí an lúthchleasaí Mark English i láthair i gClub Lúthchleasaíochta Ghleann na Finne tráthnóna inné agus a bhonn óir leis abhaile go Dún na nGall. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 24 · 7 min

    Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta

    Tá Frances istigh ar Oileáin Inis Bó Finne le hUachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, atá ag leanstan dá turas ar oileáin an cheantair seo maidin inniu. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 23 · 14 min

    Sonia Nic Giolla Easbuig agus Trevor Ó Clochartaigh

    Bhí ócáid ar siúl i GTeic Ghaoth Dobhair ag TG4 agus ag Údarás na Gaeltachta dírithe ar earnáil na meán Ghaeilge anseo i nDún na nGall. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 23 · 11 min

    Iarfhlaith Ó Domhnaill, Léiritheoir le Other Voices

    Tá Other Voices ag ceiliúradh cúig mbliana agus fíche a bhunaithe i mbliana agus is i nDoire a bheas an ceiliúradh an deireadh seachtaine seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 23 · 10 min

    Maireád Nic Segháin, tuismitheoir

    Beidh tráthnóna eolais ag tarlú tráthnóna inniu in Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair dírithe ar luthchleasaithe le deacrachtaí foghlama. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 22 · 3 min

    Josephine Uí Cheallaigh ó Chairde na hEaragaile

    Tá Cairde na hEargaile ag tabhairt faoi thogra úr ealaíne dírithe ar an phortach agus beidh oíche eolais acu san oíche amárach. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 22 · 6 min

    Cian Ó Nialáin beo as na Cealla Beaga

    Tá Grúpa Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann sna Cealla Beaga an tseachtain seo don togra ‘Floating Classroom’. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 22 · 26 min

    Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste

    Bhí grúpa d’ábhar oidí as Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste ar cuairt sa cheantar le gairid agus iad i gcuideachta stiúrthóir an chúrsa Michéal Ó Mairtín. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 22 · 4 min

    An Garda Pádraig Mac Pháidín

    Mír rialta le ball den Gharda Síochána le heolas agus le comhairle don phobal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 21 · 8 min

    Colm Breathnach agus Iseult Ní Mhathúna

    Ag caitheamh súil siar ar na cluichí ceannais iománaíochta a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine agus na cluichí leathcheannais i gCraobhacha Peile na mBan a bhí ar siúl fosta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 21 · 13 min

    Seáinín Ní Chianáin agus Caitlín Ní Bhroin

    D'éirigh go maith le coistí agus le grúpaí pobail as Cúige Uladh sa chomórtas úr ‘Ardán’ a bhí a reáchtáil ag Glór na nGael i nGaillimh ag an deireadh seachtaine. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 17 · 8 min

    Colm Breathnach agus Iseult Ní Mhathúna

    Ag caitheamh súil chun cinn ar na cluichí Gaelacha a bheas ar siúl ag an deireadh seachtaine, na cluichí ceannais i gcraobhacha iománaíochta an Contae agus na cluichí leath ceannais i gCraobhacha Peile na mBan. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 17 · 11 min

    Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach

    Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, ag caint inniu ar an lá “Dún na nGall Abú”, ar na moltaí atá déanta ag an Choimisiún Eorpach maidir le húsáid na Meáin Shóisialta do pháistí faoi thrí bliana déag i measc ábhar eile. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Showing 41–60 of 78 episodes