Skip to content
Artwork for AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
NewsNews Commentary

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Tuairisc

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.

Play
  • 20 episodes
  • Avg 48 min
  • Scottish Gaelic
  • S4 · E4
    July 21 · 56 min

    ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Simon Ó Cíobháin: Ó leathadh pairifín ar urlár Hall na Muirí go faire lucht smuigleála ola ar an teorainn…

    Is mó cor a chuireann an duine dó agus is mó áit ar a mbíonn a thriall agus is amhlaidh do Simon, fear a saolaíodh ar an Muirígh i gCorca Dhuibhne sna 1940idí ach a chaith blianta fada ina oifigeach custaim ar an dteorainn ó thuaidh. Sa Ghaillimh a bhuail Helen leis, áit a bhfuil sé ar a sháimhín só lena chéile, Máire agus a gclann tógtha acu. Labhair Simon le Helen faoina óige i gCorca Dhuibhne, faoin a bheith ag obair i siopa agus teach lóistín a mhuintire, ag díol ice cream agus ceannaíocha muice agus ag múineadh Gaoluinne do státseirbhísigh. Pléitear chomh maith a shaol ag taisteal ar fud na tíre ag obair mar fhear chustaim agus an tréimhse lán eachtraí a chaith sé ar an teorainn ag faire lucht smuigleála uibheacha, muc agus íle aimsir na dtrioblóidí. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online new service. Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.

  • S4 · E2
    July 8 · 47 min

    Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’ 

    Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ is in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i nGaeltacht Mhúscraí atá Helen agus í i mbun comhrá le Liadh Ní Riada, bainisteoir an ionaid. Chaith Liadh tréimhse ina Feisire Eorpach i bParlaimint na hEorpa ach tá a cúl tugtha aici le saol na polaitíochta anois agus gan aon rún aici seasamh d’oifig phoiblí arís. Labhair sí le Helen faoina hóige i nGaeltacht Mhúscraí, áit ar fhás sí aníos ina dílleachta tar éis bhás a athar Seán agus í ceithre bliana d’aois agus bás a máthar Ruth agus í deich mbliana d’aois. I measc na n-ábhar cainte a bhí ag Helen agus Liadh bhí an iarracht a thug Liadh faoi Áras an Uachtaráin in 2018, ar ‘botún’ é dar léi féin, na deacrachtaí a bhíonn ag polaiteoirí ban i saol na polaitíochta agus saol an teaghlaigh a láimhseáil in éindí, agus an lorg a d’fhág a hathair mór le rá ar a saol. Tá Liadh ar a suaimhneas anois agus í ina bainisteoir ar an Ionad Cultúrtha ina ceantar dúchais. Agus an t-ionad ar sos samhraidh, caithfidh sí a cuid ama lena muintir sa bhaile nó ag snámh san fharraige i gCorca Dhuibhne. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online new service. Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.

  • S4 · E1
    June 30 · 54 min

    ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Sorcha Ní Chatháin: ‘Bhíodh náire ar dhaoine labhairt faoi aon rud mar seo, ach tá rudaí athraithe…’

    Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ ar Tuairisc Sorcha Ní Chatháin, Príomhoide Bhunscoil an Ghleanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh atá i dteannta Helen. Bhí an scoil i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfeachtas a troideadh sa phobal leis an scoil a choimeád oscailte, aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach di agus pátrúnacht mar scoil ilchreidmheach a chur i bhfeidhm i scoil bheag tuaithe. Thug Helen aghaidh ar Uíbh Ráthach le déanaí chun paiste cainte a dhéanamh le Sorcha agus aithne a chur ar an mbean lasmuigh de dhoirse na scoile. Labhair siad faoin tógáil a fuair sí óna máthair Maj, arb as an tSualainn di, agus a hathair, an t-iar-Ollamh i Roinn an Bhéaloidis in UCD, Séamus Ó Catháin. Labhrann siad chomh maith faoin bhfiosracht a thagann agus a imíonn i gcás an pháiste uchtaithe agus faoin mbuaine a bhaineann leis ngrá a thugann a tuismitheoirí di. Labhrann Sorcha faoin mbród atá uirthi gur éirigh léi buachaill óg álainn, Luke, a thógáil mar mháthair shingil, agus faoin gcinneadh mór a rinne sí bogadh go dtí Uíbh Ráthach chun tús a chur le saol nua, lena fear Ger. Pléann siad chomh maith an tábhacht a bhaineann le labhairt amach faoinár mothúcháin agus a bheith ábhairín beag ceanndána. Labhrann Sorcha faoin ualach agus briseadh croí a bhain le bheith ag súil agus an páiste a chailliúint. ‘Tá sé ok a rá nach bhfuil tú ok,’ a deir Sorcha. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E50
    June 25 · 52 min

    ‘Ba cheart don rialtas cárta na huachtaránachta a imirt ar son Gaeilge’

    In éineacht le Bridget, Maitiú agus Seán Tadhg ar an eagrán deireanach de ‘An Pod Gaeilge’ don séasúr seo, tá an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú. Pléitear tréimhse uachtaránachta sé mhí na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus labhraíonn an feisire de chuid Fhianna Fáil linn faoi shaol an pholaiteora san AE. Pléitear, i measc go leor eile, caidreamh mhuintir na hÉireann leis an AE, fás na heite fíordheise agus stádas na Gaeilge san Eoraip. Tá Maitiú linn ó chomhdháil cearta teanga i mBéal Feirste agus scéal nuachta te bruite aige faoi chúrsaí teanga ó thuaidh. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E36
    June 24 · 1 hr 8 min

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAingeal Ó Buachalla: ‘Ní féidir linn ligean orainn go bhfuil saoirse againn nuair nach bhfuil saoirse ag an tír go léir’

    Ar eagrán na seachtaine seo de Phaiste Cainte le Helen Ní Shé san ardchathair atá Helen chun comhrá a dhéanamh le hAingeal Ó Buachalla, Gael agus poblachtánach ó thuaisceart chathair Chorcaí, mar a raibh siopa grósaera ag a muintir. Tháinig Aingeal Ní Cháinte go dtí an nGráig i gCorca Dhuibhne i ndeireadh na ndaichidí agus í ina cailín óg agus bhí sí faoi dhraíocht ag an ndúthaigh as san amach. Bhí rian láidir an phoblachtánachais sa teaghlach agus mharaigh fórsaí na Breataine beirt uncailí dá cuid i gCorcaigh i Nollaig na bliana 1920. D'fhág san a rian uirthi agus ar an gcóras oideachais a roghnaigh a muintir di ina dhiaidh sin. Tá sí aon bhliain déag is ceithre fichid anois agus í ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath, aar a gcaith sí a bhformhór a saoil lena fear céile, Breandán Ó Buachalla, scoláire, Beannacht Dé leis. Is mó rud á phléigh Aingeal agus Helen ach a mbuaileadar le chéile le déanaí, ó hóige i gCorcaigh go dtí Corca Dhuibhne, gluaiseacht na naíonraí agus an feachtas le Scoil Dhún Chaoin a choimeád oscailte. Ach más san ardchathair di le fada, deir Aingeal gurb í cathair Chorcaí an chathair is breátha in Éirinn. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E48
    June 18 · 42 min

    Na leabhair Ghaeilge ar cheart iad a phacáil do na laethanta saoire...

    Cé na leabhair Ghaeilge ar cheart iad phacáil do na laethanta saoire? An feiliúnach an lón léitheoireachta an leabhar taistil agus tú féin ar saoire? Agus an é an Kindle leigheas an scéil don léitheoir amplach is é ag pacáil a mhála? Tá Máire Ní Neachtain agus Eoin P Ó Murchú in éineacht le Bridget agus Maitiú san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar a rogha leabhar don samhradh. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E47
    June 16 · 38 min

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘ ̌Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach déarfainn níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad freisin’

    Ar an Dromaid i ndeisceart Chiarraí atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag labhairt leis an bhfeirmeoir Maidhc Sé agus cur síos á dhéanamh aige ar na hathruithe atá tagtha ar an saol óna óige agus an taitneamh a bhaineann sé as fáilte a chur roimh dhaoine óga le riachtanais speisialta chuig an bhfeirm. Baitsiléir a mhaireann ina aonar é an feirmeoir Maidhc Sé ach a bhfuil gach iarracht á dhéanamh aige a bheith i gcomhluadar. I measc na rudaí a bhíonn sé sáite ann, tá an scéim ‘Feirmeoireacht Shóisialta Chiarraí’, faoina gcuireann Maidhc fáilte roimh dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu chun píosa oibre a dhéanamh leis ar an bhfeirm. Deir Maidhc gurb é an cinneadh is fearr a rinne sé riamh dul leis an scéim agus go mbaineann sé féin an oiread pléisiúir as an gcomhluadar is a bhaineann na leaideanna a thagann chuige. Labhraíonn Maidhc chomh maith faoin athrú atá tagtha ar an saol ó bhí sé féin ina leaid óg agus na cuimhní atá aige ar theacht na haibhléise. Is cuimhin leis, mar shampla, aintín agus uncail leis nach raibh toradh chluiche ceannais na hÉireann 1968 acu go dtí an Mháirt tar éis chluiche ceannais an Domhnaigh. Anois, is féidir an scéal is déanaí ó chluiche Phiarsaigh na Dromad a fháil i lár an aifrinn, ar sé. Insíonn sé do Helen freisin conas go bhfuil bladhmghunna ó eitleán Naitsíoch sa teach aige. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E46
    June 11 · 47 min

    ‘Cuirtear cluasáin ar dhaltaí sa rang Gaeilge ar eagla go gcloisfidh siad í’

    I dteannta Bhridget agus Mhaitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá an saineolaí oideachais Pádraig Ó Duibhir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra. Pléitear an taighde nua atá déanta ag Pádraig faoin bhfás as cuimse ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge. Insíonn Pádraig scéal a iníne a sheachain an díolúine agus a bhfuil trí theanga anois aici. Labhraíonn sé faoin naimhdeas, aineolas agus easpa measa ar an nGaeilge atá mar bhonn leis an gcóras lochtach ar mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh sé rud ‘annamh agus eisceachtúil’ den díolúine. Ina áit sin, de réir thaighde Phádraig, má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá beidh díolúine ag duine de gach cúigear faoi 2030? Pléitear ‘meon aonteangach’ na Roinne Oideachais a deir Pádraig atá ag déanamh dochar do dhaltaí agus do pholasaí ionchuimsitheachta na roinne féin. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. Pléitear chomh maith scrúduithe Gaeilge na hArdteiste a bhí ar siúl an tseachtain seo agus an difríocht riamh idir an scrúdú Béarla agus Gaeilge.

  • S3 · E45
    June 10 · 45 min

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé… le Meidhbhín Ní Úrdail – ‘Ar nós an tseanmhadra, táim rócheanúil ar mo chúinne féin!’ - oidhreacht iontach na Longánach

    I gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath atá Helen an tseachtain seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an Ollamh Méidhbhín Ní Úrdail ó Chorcaigh faoi iontais an léinn agus faoi oidhreacht dream amháin ar leith. D’fhág an scríobhaí agus file Micheál Óg Ó Longáin (1766-1837) agus a shliocht timpeall 600 lámhscríbhinn le huacht againn. Ach cad a spreag trí ghlúin de Longánaigh Chorcaí chun na hoibre sin i ngort léann na Gaeilge, cad iad na scileanna a thugadar leo ó ghlúin go glúin agus cad atá le foghlaim againn uathu? An tOllamh Méidhbhín Ní Úrdail atá i dteannta Helen an tseachtain seo chun oidhreacht na Longánach agus go leor eile a phlé. Labhraíonn Meidhbhín faoina tógáint trí Ghaeilge i nGleann Maghair i gCorcaigh, faoi na múinteoirí agus na léachtóirí a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus faoi shaol léann na Gaeilge agus a suim sna lámhscríbhinní. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E44
    June 4 · 49 min

    ‘Tá sé ar nós an scannáin 'Fight Club', tá an rialtas á bpuinseáil féin san éadan an t-am uilig’

    Tuairiscíodh san Irish Times an tseachtain seo go bhfuil an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gaeltachta Dara Calleary chun labhairt leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton maidir leis an scéal nach bhfuil sé i gceist ag a roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a bhunú as seo go ceann cúig bliana. Agus í in éineacht le Bridget, Seán Tadhg agus Maitiú ar an eagrán seo, deir Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil an chosúlacht ann gur tháinig an scéal sin aniar aduaidh ar Martin agus Calleary ach nach mbeadh sé tar éis iontas ar bith a chur ar phobal na Gaeilge. Deirtear nach mbeadh ar an rialtas mórán a dhéanamh maidir leis an nGaeloideachas chun dea-thoil a chothú i measc an phobail agus pléitear an scéal i bhfianaise torthaí mórshuirbhé náisiúnta faoin nGaeilge a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge le gairid. Deirtear go mbraitear soiniciúlacht maidir le suirbhéanna faoin nGaeilge go minic ach go bhfuil ábhar suntais agus misnigh i gcuid de na torthaí áirithe seo. Cloistear chomh maith comparáid idir dea-thoil a bheith ag duine don Ghaeltacht agus pota iógairt a ghlanadh. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S1 · E43
    June 2 · 49 min

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Nóra Uí Chuínn: ‘Mise a chaitheadh an press release a thabhairt síos go Number 10’

    Is beag Éireannach go mbeadh sé le rá acu go raibh cosán déanta acu go dtí Uimhir 10 Sráid Downing le linn do Mhaggie Thatcher a bheith ina príomhaire ar an mBreatain ach is amhlaidh a bhí ag aoi na seachtaine seo, Nóra Uí Chuinn. Tréimhse chorraitheach i stair na Breataine ab ea iad na blianta 1984 agus 1985, tráth go raibh na mianadóirí ar stailc faoi stiúir Arthur Scargill agus Thatcher agus an Bord Guail ag iarraidh smacht a chur ar na ceardchumannaithe. Ar Nóra Uí Chuinn, cailín óg ó Chonamara, a bhí ina rúnaí leis an mBord Guail, a thit sé teachtaireachtaí a thabhairt ón mbord go dtí oifig an phríomh-aire i Sráid Downing. Deir Nóra le Helen go mbeidh cuimhneamh go deo aici ar an tréimhse sin dá saol, más gairid féin í. Sna Doiriú ar Bhóthar Loch an Iolra a saolaíodh Nóra agus is ann a chaitheann sí cuid mhaith mhór dá saol anois. I ndiaidh na tréimhse a chaith sí le hobair rúnaíochta i Sasana chuir sí lena haistear léinn i réimse an leighis. Altra sárcháilithe a chuir teagasc ar altraí óga ab ea í agus ardmheas ar a saineolas ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcúram croí go háirithe. Labhraíonn siad faoi na cúrsaí sin agus faoi conas aire a thabhairt don chroí. Tráchtann Nóra ar a hóige i gConarama agus ar an obair mhór a rinne a muintir le 13 páiste a thógáil. Labhraíonn sí faoi dhul ar imirce go dtí cathair Londan agus Boston agus ar an spéis a bhí riamh aici ar rudaí nua fhoghlaim.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E42
    May 28 · 47 min

    ‘Plean teanga? Sí an fhéile an plean teanga!’ – 10 mbliana d’Fhéile Na Gealaí

    Tá Edel Ní Churraoin, duine de bhunaitheoirí Fhéile na Gealaí agus Gearóid Ó Murchú, ón mbanna Na Fíréin, in éindí le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile cheoil Ghaelach i Ráth Chairn. Pléann siad stair na féile agus conas mar a d’fhás sí 10 mbliana ó shin as teip ‘Ravelóid’, iarracht mórfhéile cheoil a chur ar bun i nGaeilge do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca. Cuimhníonn Edel ar na laethanta luatha sin nuair ba leoraí páirceáilte le fána agus dréimire suas chuig an stáitse a bhí acu. Pléitear an tábhacht a bhaineann le tearmann teanga amhail Féile na Gealaí do dhaoine óga go háirithe agus cén fáth go mothaíonn tú gur ‘ag dul isteach ar oileán’ atá tú nuair a leaindeálann tú ag an bhféile. Cuimhníonn Gearóid siar ar an gcéad ghig ag Na Fíréin ag an bhféile Rac a hAon a reáchtáladh i Ráth Chairn agus ar fhilleadh ar Ghaeltacht na Mí 30 bliain níos déanaí chun seinm ag Féile na Gealaí. Cuimhnítear chomh maith ar dhuine de laochra mór an cheoil agus na nGael, Rónán Mac Aodha Bhuí, a thug an-spreagadh do lucht bunaithe Fhéile na Gealaí. Bhí Rónán i láthair ag Rac a hAon i 1984 agus gan é ach 14 bliain d’aois. Deireadh sé i gcónaí gur “athraigh sé a shaol”. Beidh Féile na Gealaí 2026 ar siúl ar an 5-6 Meitheamh i Ráth Chairn i gcontae na Mí. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. Ceol: Tír Na nÓg - Na Fíréin

  • S3 · E41
    May 26 · 51 min

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Dáithí Ó Sé: 'Beidh mé leathchéad an tseachtain seo chugainn, níor thuigeas cad a bhí agam go dtí go bhfágas an Ghaeltacht'

    Mar láithreoir ar an Today Show agus comórtas Rós Thrá Lí, tá Dáithí Ó Sé ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine de na craoltóirí is cáiliúla sa tír le fada. Beidh breithlá mór ag Dáithí an tseachtain seo chugainn agus é 50 bliain d’aois. Ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ labhraíonn sé le Helen faoi sin agus faoi go leor eile. Pléann Dáithí a chuid oibre agus na suáilcí agus duáilcí a bhaineann léi, an t-athrú atá tagtha ar Fhéile Rós Thrá Lí, an tábhacht a bhaineann leis an nGaeltacht dó, a mhuintir agus an oidhreacht a d'fhág a thuismitheoirí aige. Tráchtann sé ar bheith ina 'agony aunt' agus a 'style icon' agus faoin gcinneadh a dhein sé nuair a bhí sé ag éirí maol go ndéanfadh sé rud éigin faoi. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E30
    May 21 · 48 min

    ‘Bímis dána, misniúil, neamhghéilliúil, bímis sásta troid ar son ár dteanga’ - 100 bliain na Gaeltachta

    I 1926 a leag Coimisiún na Gaeltachta teorainneacha na Gaeltachta síos. Mar chuid dár sraith nua ‘100 bliain na Gaeltachta’, tá Dara Ó Cinnéide agus Orlaith Ruiséal linn faoi chás na teanga féin In éineacht le Bridget agus Darren ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá Dara Ó Cinnéide ó Raidió na Gaeltachta agus Orlaith Ruiséal ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Agus an dara heagrán de ‘100 bliain na Gaeltachta’, ár sraith nua físeán, seolta againn, pléitear an geábh seo cás na teanga sa Ghaeltacht. Pléitear an rogha chasta a bhíonn ag tuismitheoirí Gaeltachta maidir le páiste a thógáil trí Ghaeilge. Déantar trácht ar an gcoimhlint idir sealbhú agus saibhriú teanga i scoileanna Gaeltachta agus fiafraítear an leagtar ualach róthrom ar an scoil maidir le slánú na teanga. Labhraítear ar chomh hait is atá sé a bheith ag rá gur gníomh dána agus neamhghéilliúil atá anois ann an Ghaeilge a labhairt sa Ghaeltacht. Ach b’fhéidir gurb in a theastaíonn má táthar leis an nGaeilge a thabhairt slán mar theanga phobail? A bheith dána, neamhghéilliúil agus sásta troid go deireadh na himeartha? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E39
    May 19 · 45 min

    AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Ciarán Feiritéar: ‘Cheannaíos ‘Tomás’ ag auction i Sasana, agus níor dhein sé faic riamh dom!’

    Paiste cainte agus paiste cuileachtain atá againn an tseachtain seo ar ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ agus Helen ar cuairt ar Chiarán Feiritéar ar an bhfeirm agus é i mbun oibre. Is mó scréip a bheireann ar an bhfeirmeoir agus ní taise do Chiarán é, feirmeoir caorach. Tá paiste talún aige i gCathair Coinn i bParóiste an Fheirtéaraigh, agus paiste eile thiar i mBaile na hAbha i nDún Chaoin, áit dúchais a athar. Tá cuid dá chuid talún ar barra Chruach Mhárthain agus a thuilleadh fós ar imeall Chuan Ard na Caithne. Bíonn tinte sléibhe agus creimeadh cósta ag bagairt air ach i ndeireadh thiar thall is é an cion agus an grá atá aige dá chuid ainmhithe a choimeádann sa tsiúl é. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E38
    May 14 · 52 min

    100 bliain FF – ar thréig an chosmhuintir Fianna Fáil nó ar thréig Fianna Fáil an chosmhuintir?

    Ar an 16 Bealtaine 1926, céad bliain ó shin, bhunaigh Éamon de Valera Fianna Fáil an páirtí is mó a bhí i gcumacht ó bunaíodh an stáit. San eagrán speisialta seo tá an t-iar-aire Éamon Ó Cuív, garmhac de Valera, agus na craoltóirí Máirín Ní Ghadhra agus Cathal Mac Coille in éineacht le Bridget chun plé a dhéanamh ar stair an pháirtí ar na rudaí a bhain siad amach le 100 bliain anuas agus ar na botúin a rinne siad. Pléitear chomh maith cá bhfuil a dtriall sa lá atá inniu ann agus an gá dóibh filleadh ar a ndúchas chun teacht slán. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S1 · E37
    May 12 · 38 min

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Brenda Ní Shúilleabháin: Ag plé leis an ailse – ‘Buíochas an tréith is mó a d’fhorbair sé ionam’

    Aistear sláinte, aistear machnaimh agus ábhar dóchais atá ag Brenda Ní Shúilleabháin, scéalaí, scríbhneoir scripte agus díolamóir, do Helen ar eagrán na seachtaine seo de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…. Bhí Brenda Ní Shúilleabháin ‘in easnamh ón saol’, a deir sí, ar feadh roinnt míonna nuair a fuair sí an drochscéal go raibh ailse fola uirthi. Labhraíonn sí le Helen faoi conas ar chuaigh sí i ngleic leis an scéal, an scanradh agus an t-iontas a bhain leis agus an méid a d’fhoghlaim sí uaidh. Labhair sí faoin gcóir leighis a cuireadh uirthi, faoin gcúram a fuair sí agus faoi conas gur oscailt súl ab ea a cás di faoin gcóras sláinte agus faoi chineáltas an duine. Labhraíonn sí faoin saol atá roimpi i ndiaidh na hailse, faoin PhD atá á chríochnú aici agus faoi cad ina thaobh go ndeir sí gurb é an buíochas an tréith is mó a d’fhorbair an scéal go léir inti. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E36
    May 7 · 41 min

    An cuma le muintir na Gaeltachta agus aontachtaithe an Tuaiscirt faoi áit na Gaeilge sa phlé faoi ‘Éire Aontaithe’?

    Tá ár gcomhfhreagraí sa Tuaisceart Póilín Ní Chiaráin in éineacht le Bridget, Pádraic agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge chun plé a dhéanamh ar thaighde nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge faoi áit na teanga sa díospóireacht faoi ‘Éire Aontaithe’. Pléitear chomh maith an chonspóid a bhain le deireadh a bheith curtha tionscadal na logainmneacha ó thuaidh. £90,000 a bhí i gceist ansin, an méid céanna airgid a chaith comhairle áitiúil ag cur i gcoinne comhartha dátheangach in Ard Mhacha. Agus ar deireadh pléitear fógra an Aire Oideachais nach mbeidh aon scoil lán-Ghaeilge nua á tógáil as seo go ceann cúig bliana. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

  • S3 · E35
    May 5 · 51 min

    Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Cormac Ó Gráda: ‘Ag deireadh an lae an gnáthdhuine a bhíonn thíos le cogadh, cosúil liomsa is leatsa’

    Agus gan aon stad le hainnise na cogaíochta ar fud an domhain, tá an staraí aitheanta Cormac Ó Gráda i dteannta Helen ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ Labhraíonn sé faoina mhórshaothar is déanaí Hidden Victims: Civilian Casualties of the Two World Wars, ina n-áitíonn sé gur sibhialtaigh ab ea 65 milliún den 100 milliún duine a maraíodh sa dá chogadh domhanda. An gorta, agus an t-ocras agus na galair a leanann é ba thrúig bháis do 30 milliún de na sibhialtaigh sin, a deir sé. Tráchtann Cormac chomh maith ar an athrú a tháinig ar mhodhanna cogaíochta agus teaicticí míleata agus ar an athrú a tháinig ar ár dtuiscint ar mharú pobail dá bharr, ón mbuamáil ón aer go dtí an cinedhíothú. Pléann sé cás mhuintir na Palaistíne. ‘Nuair a fheiceann tú an scrios atá déanta ar Gaza…chaithfeá a rá gur d’aon ghnó a deineadh é sin,’ a deir sé. Tráchtann sé chomh maith ar an gcogadh san Úcráin, ar mhímhoráltacht na cogaíochta agus ar uafás an Uileloiscthe. Ar deireadh pléitear ceist an dóchais agus an éadochais i bhfianaise na rudaí uafásacha a tharlaíonn le linn cogaidh.

Showing 1–20 of 20 episodes